Aighneacht RÉAMH-CHÁINAISNÉISE AN CHOMHAONTAIS GHLAIS

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá seo mar aon le leagan Ghaeilge de pholasaithe éagsúla an Chomhaontais Ghlais le léamh ag – http://www.greenparty.ie/policies.html

 

AIGHNEACHT RÉAMH-CHÁINAISNÉISE AN CHOMHAONTAIS GHLAIS
An Plean Ceithre Bliana a chur i bhfeidhm
27 Meán Fómhair 2013
RÉAMH-MHEASTACHÁIN IONCAIM AGUS CHAITEACHAIS
LEIS AN gCÉAD CHÉIM I dTREO BUNIONCAM A THABHAIRT ISTEACH SAN ÁIREAMH

 

Ioncam:
Mír
€m
€m
Tabhairt ar Aghaidh ó Cháinaisnéis 2013
600
Cáin Chorparáide (moladh NERI)
250
Laghdaigh an leibhéal ag a bhfuil cead ag daoine agus comhlachtaí aisíocaíochtaí úis a éileamh in aghaidh cánach le haghaidh maoine cónaithe ar cíos ó 75% go 40%
157
Laghdaigh an faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí pinsin go dtí an ráta caighdeánach (20%)
560
Tabhair Cáin ar Idirbhearta Airgeadais Isteach
(Micheal Collins, 2013)
150
Déan méadú €5 in aghaidh an tonna ar an Tobhach Carbóin go €25 in aghaidh an tonna.
120
Bain an difreálach praghais idir díosal talmhaíochta agus díosal bóthair
48
Deireadh leis an ráta sealadach CBL atá níos ísle san earnáil deochanna/bia
350
Athrú i dtreo chomhtháthú na gCód Cánach agus Leasa Shóisialaigh trí chreidmheasanna cánach áirithe a dhéanamh in-aisíoctha
(140)
Iomlán
2095
Caiteachas:
Coigilteas ó Chomhaontú Bhóthar Haddington
300
Coigilteas soláthair ar bhuiséid reatha neamhphá ar fud na ranna go léir
200
Iomlán
500
Plean Infheistíochta Caipitil sa Bhreis – Díbhinn aonuaire ó BSL
500
Sciar cothromais 50% i gcáblaí snáthoptaice nua don tionscadal leathanbhanda baile le línte BSL go dtí 450,000 áit chónaithe.
(200)
Clár Iarfheistithe Foirgneamh i ngach Foirgneamh Poiblí
(100)
Clár Infheistíochta le haghaidh Tithíocht Shóisialta
(100)
Infheistíocht i gConairí ar Ardchaighdeán do Bhusanna i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge.
(100)
COIGEARTÚ IOMLÁN CÁINAISNÉISE
2595

 

 

NÓTAÍ
Ioncam:
Cáin Chorparáide
Is mór an cáineadh atá déanta ar réimeas cáin chorparáide na hÉireann go hidirnáisiúnta le blianta beaga anuas. Ar mhaithe le cáil na hÉireann a athbhunú, ba chóir dúinn gníomhú le lúbanna ar lár atá sa chóras a dhúnadh, chomh maith le cinntiú go bhfuil an ráta éifeachtach cáin chorparáide chomh gar do 12.5% agus is féidir. Ba chóir go n-oibreodh Éire go dearfach taobh istigh den AE ar CCCC (Comhbhonn Cánach Corparáide Comhdhlúite) a thógáil, rud a chruthódh bonn comhaontaithe inchreidte le haghaidh cánachas corparáidí ilnáisiúnta. Idir an dá linn, tá tugtha le fios ag NERI go dtabharfadh athchóiriú ar fhaoiseamh Cáin Chorparáide agus soláthairtí le haghaidh tabhairt ar aghaidh caillteanas, tá tugtha le fios acu go dtabharfaidís seo €250 milliún sa bhreis isteach in 2014 (NERI, Iúil 2013).
Faoiseamh ar Ús ar Mhaoine ar Cíos
Na dreasachtaí cánach a úsáideadh le tacú leis an margadh maoine agus borradh a chur faoi, bhí éifeacht mhillteach acu ar ár ngeilleagar agus ar an timpeallacht. Ionas gur féidir a leithéid de dhochar a sheachaint amach anseo, caithfimid a chinntiú nach gcuirfidh ár gcóras cánach dreasacht ar fáil don amhantraíocht maoine. Ba chóir an leibhéal ag ar féidir le daoine agus comhlachtaí íocaíochtaí úis a éileamh in aghaidh cánach ar mhaoine cónaithe ar cíos a laghdú ó 75% go 40%. Bheadh tuairim is €157 milliún mar thoradh air seo (CP 14459/13/TASC 2013)
Faoiseamh Cánach ar Phinsin
Níl an córas atá ann faoi láthair a ligeann do lucht ardioncaim faoiseamh a fháil ar ranníocaíochtaí pinsin ar an ráta cánach is airde fad is a fhaigheann lucht ísealioncaim faoiseamh ar an ráta is ísle, níl an córas seo cothrom. Ba chóir go bhfaigheadh gach duine atá ag íoc as pinsean faoiseamh ar an ráta caighdeánach. Ba chóir go mbeadh sé seo tugtha isteach i mBuiséad 2013 agus tabharfaidh sé isteach €560 milliún.
Cáin ar Idirbhearta Airgeadais
Creideann an Comhaontas Glas gur chóir don earnáil airgeadais níos mó a dhéanamh chun téarnamh eacnamaíoch a spreagadh. Ba chóir go ngearrfadh Éire cáin ar idirbhearta airgeadais in éineacht leis an gcuid eile den AE.
Tobhach Carbóin
Thabharfadh méadú €5 go €25 in aghaidh an tonna tuairim is €120 milliún isteach, agus chabhródh sé linn ár ngealltanais maidir le hathrú aeráide a chur i gcrích.

 

 

 

Bunioncam
Tá deis ag an Rialtas igCáinaisnéis 2014 fís a leagan amach le haghaidh athchóiriú ceart agus uileghabhálach i gcórais chánach agus leasa shósialaigh na hÉireann. Molann an Comhaontas Glas go ndéanfadh an Rialtas gealltanas córas bunioncaim a thabhairt isteach thar thréimhse 4-5 bliana. Agus an méid seo á dheanamh aige, bheadh gealltanas á dheánamh aige ullmhúcháin agus athmhúnlú cuimsitheach a dhéanamh i rith na tréimhse seo chun na córais leasa shóisialaigh agus chánach a chónascadh, rud a chruthódh cód comhtháite cánach agus leasa shóisialaigh a bheadh níos simplí agus níos cothroime, rud a spreagadh fostaíocht agus a chuirfeadh le laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht.
Cén fáth Bunioncam?
Chuirfeadh córas Bunioncaim deireadh leis na córais reatha chasta aimhrialta trína ndéanann an stát íocaíochtaí le daoine nach bhfuil ag obair trí íocaíochtaí coinníollacha leasa shóisialaigh, agus trína dtugtar creidmheasanna cánach do dhaoine atá ag obair tríd an gcóras cáin ioncaim. Bheadh íocaíochtaí Bunioncaim socraithe ag leibhéil éagsúla do pháistí, daoine fásta agus daoine atá ar scor ó obair. Ghearrfaí cáin ar an ioncam go léir ó fhostaíocht agus chuirfí deireadh le creidmheasanna cánach.
Tá na tairbhí a bhainfeadh le hathrú go Córas Bunioncaim deimhnithe go maith agus seo a leanas cuid acu:
• Cuireann sé dreasacht shoiléir ar fáil do gach duine glacadh le fostaíocht, má tá siad in ann a leithéid a dhéanamh, chomh maith le gaistí fostaíochta agus gaistí bochtaineachta a dhíbirt.
• Tá sé i gcomhréir le hathruithe domhanda ar struchtúr na hoibre, ina dtacaítear le samhlacha oibre, saol baile agus staidéir atá níos solúbtha.
• D’fhéadfadh sé cur le díchur na bochtaineachta sa chaoi go bhfaigheadh gach duine ioncam a shaorfadh ó bhochtaineacht iad.
• Chuirfeadh sé córas cánachais a bheadh i bhfad níos fearr agus níos simplí ar fáil, ina ngearrfaí cáin ar thuilleamh daoine ar bhealach níos soiléire agus níos cothroime.
• Ligfeadh sé don stát coigilteas mór a dhéanamh trí chuid mhaith den mhaorlathas leasa shóisialaigh agus cánachais atá ann faoi láthair a dhíbirt, fad is a laghdófaí costais phárolla fostóirí agus lucht féinfhostaithe.
• Tá sé níos cothroime ó thaobh inscne de agus soláthraíonn sé bunús ciallmhar chun obair cúramóirí agus na daoine siúd atá páirteach in obair gan phá a aithint.
Bunioncam i gCáinaisnéis 2014
Iarraimid ar an Rialtas trí rud shimplí a dhéanamh ina Cháinaisnéis le haghaidh 2014:
1. Déan gealltanas go dtabharfar isteach Bunioncam i 4-5 bliana.
Ba chóir go ndéanfadh an Rialtas gealltanas go dtabharfaidh siad isteach córas bunioncaim agus go leagfaidh siad amach roinnt bearta tosaigh atá sé i gceist acu a dhéanamh chun an cuspóir seo a bhaint amach taobh istigh de thréimhse ceithre go cúig bliana.
Tabhair ainm nua ar Shochar Linbh, is é sin, ‘Ioncam Linbh’.
Feidhmíonn Sochar Linbh go bunúsach mar íocaíocht Bhunioncaim. Dá dtabharfaí ‘Ioncam Linbh’ air, ní hamháin go n-aithneofaí sin, ach léireofaí comhartha tábhachtach don phobal chun díospóireacht níos mó a spreagadh ar athchóiriú na gcóras leasa shóisialaigh agus cánach.

 

2. Bíodh creidmheasanna cánach áirithe in-aisíoctha.
Athraigh an dlí reatha cánach chun go mbeidh creidmheasanna cánach áirithe in-aisíoctha. Is éard atá i gceist leis seo ná creidmheasanna cánacha spriocdhírithe gan úsáid atá ag daoine a aisíoc sa chás nach bhfuil a n-ioncam ard go leor chun go mbainfidh siad tairbhe as na creidmheasanna go páirteach nó go hiomlán. Ba chóir do na Coimisinéirí Ioncaim socruithe a dhéanamh le haghaidh na n-aisíocaíochtaí seo, i gcomhar leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Is é an costas iomlán a bheadh ar na bearta seo in 2014 ná €140 milliún.
Caiteachas:
Molann an Comhaontas Glas go ndéanfaí ciorrú €500 milliún ar chaiteachas reatha in 2014. Ós rud é go bhfuil an coigilteas pá comhaontaithe cheana agus go gciallaíonn an Creat Rialaithe Fostaíochta atá á oibriú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go bhfuil sé an-deacair gnóthachain táirgiúlachta a bhaint amach i ngach aon roinn, bheadh éifeacht dhíreach ag ciorruithe breise ar bith ar sholáthar seirbhíse.
Cuimsíonn an coigilteas €500 milliún a bhfuil soláthar déanta againn dó coigilteas párolla earnála poiblí €350 milliún, rud a bhfuil cur síos air i gcomhaontú Bhóthar Haddington. Ba chóir an chuid eile a bhaint amach trí bhearta laghdaithe costas agus éifeachtúlacht ar fud ranna, lena n-áirítear soláthar feabhsaithe poiblí. Ba chóir seirbhísí agus íocaíochtaí san Oideachas agus i gCoimirce Shóisialach a chosaint.
Plean Nua Infheistíochta Caipitil:
Tá cinneadh déanta ag an Rialtas €500 milliún a thógáil ó BSL i bhfoirm díbhinne speisialta. In áit an t-airgead seo go léir a úsáid chun fiacha a laghdú, dhéanfaimis é a infheistiú i gceithre infheistíocht bhonneagair straitéiseacha le cabhrú leis an ngeilleagar a spreagadh agus ár n-iomaíochas fadtéarmach a fheabhsú.
D’infheisteofaí €200m le ligean do BSL sciar cothromais 50% a choinneáil i dtionscadal beartaithe nua chun cáblaí snáthoptaice a cheangal thart timpeall ar línte cumhachta go dtí tuairim is 450,000 áit chónaithe i mbailte agus cathracha ar fud na tíre nach bhfuil líonra cáblaí ar fáil dóibh faoi láthair. Tagairt:
http://www.irishtimes.com/business/sectors/energy-and-resources/esb-seeks- partner-to-set-up-fibre-network-1.1470736
Bheadh an t-airgead a bheadh fágtha infheistithe chun tuairim is 600 aonad tithíochta sóisialta a thógáil, in iarfheistiú foirgneamh poiblí agus i gcur ar fáil conairí nua do bhusanna inár gcathracha.

 

 

PREASRÁITEAS
Molann an Comhaontas Glas samhail bhunioncaim ina n-aighneacht Réamh-Cháinaisnéise le haghaidh 2014
Agus déanann siad sólathar leathbhilliún breise le haghaidh plean nua infheistíochta caipitil.
“Ní mór dúinn an cháinaisnéis seo a úsáid mar dheis chun athchóiriú ceart a dhéanamh ar ár seirbhísí poiblí. Braitheann ár gcáinaisnéis go príomha ar ioncam nua toisc go gciallaíonn an Creat Rialaithe Fostaíochta a oibríonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go bhfuil sé nach mór dodhéanta ag Ranna airgead a choigilt gan ciorrú díreach a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí riachtanacha”, arsa Éamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais.
“Creidimid gur chóir go mbeadh an cháinaisnéis seo ar an gcéad chéim den athrú i dtreo córas bunioncaim. Dhéanfadh sé seo níos mó ná rud ar bith eile chun daoine a shaoradh ó ghaistí leasa shóisialaigh atá ann agus chun urraim a léiriú don mhéid mór oibre deonaí agus cúraim a dhéantar sa tsochaí s’againne.”
“Tá soláthar déanta againn chomh maith le haghaidh plean infheistíochta nua sa bhonneagar ríthábhachtach fuinnimh, iompair agus tithíochta. D’úsáidfimis €200 milliún chomh maith den díbhinn atá sé i gceist ag an Rialtas a bhaint de BSL agus dhéanfaimis an méid sin a infheistiú arís sa chomhlacht mar scair chothromais i bplean uaillmhianach nua Leathanbhanda. Tá cáineadh déanta ag an CAI (IMF) ar an Rialtas as ciorruithe níos mó a dhéanamh ar an mBuiséad Caipitil ná mar a bhí beartaithe sa phlean bunaidh ceithre bliana, agus an ceart acu. Caithfimid an botún sin a cheartú agus ba mhaith an tús é infheistíocht a dhéanamh sna tionscadail ullmha seo.”
Bhí an méid seo le rá ag Mark Dearey, Urlabhraí Airgeadais an Chomhaontais Ghlais – “Níl ceann ar bith de na bearta seo atá á moladh againn éasca, ach tá iarracht déanta againn a chinntiú go gcabhróidh siad le hathchóiriú ár ngeilleagair agus go bhfuil siad dírithe orthu siúd atá in acmhainn tuilleadh a íoc.”
Ar an gcéad dul síos, creidimid gur féidir linn an t-ioncam a fhaightear ón earnáil airgeadais idirnáisiúnta agus ó chorparáidí ilnáisiúnta, dreamanna nach bhfuil cuid acu ach ag íoc ráta éifeachtach 2% de cháin chorparáide, gur féidir linn an t-ioncam seo a mhéadú. Tá ár rialtas féin ag cosaint rudaí nach féidir a chosaint sa chaoi nach bhfuil siad ag gealladh deireadh a chur leis na buntáistí cáin chorparáide ‘Dúbailte Éireannacha’ agus sa chaoi a ndiúltaíonn siad dul i gcomhar le tíortha Eorpacha eile chun an Cháin ar Idirbhearta Airgeadais a chur i bhfeidhm. Caithfidh siad a gcur chuige a athrú sa cháinaisnéis seo.”
“Baineann na príomhbhearta tiomsaithe ioncaim eile le hathrú a dhéanamh ar na buntáistí cánach ar Phinsin agus CBL agus rátaí Cáin Charbóin atá fógartha ag Michael Noonan cheana. Beart breise eile a thabharfaimis féin isteach ná cuid de na buntáistí cánach a thug Charlie McCreavey isteach le tacú le hinfheistíocht i maoine ar cíos a fhreaschur. Caithfimid ceachtanna a fhoghlaim ón mborradh eacnamaíoch ionas nach dtarlóidh an bolgán céanna choíche.”
Mar fhocal scoir, tá córas lacáiste á mholadh againn d’fheirmeoirí a úsáideann díosal, rud a d’fhéadfadh coigilteas aonuaire a bhaint amach. Agus mé i mo pholaiteoir ar son daoine i gceantar na teorann, tá líon na ndaoine a chailltear, an méadú ar choireacht agus truailliú mar gheall ar sciúradh díosail feicthe agam. Stopfaí sin ar an bpointe boise leis an athchóiriú amháin seo ar cháin. Ba chóir dúinn é a dhéanamh gan a thuilleadh moille.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive