Agóideoirí na brataí ag maslú lucht ceiliúrtha na Gaeilge – SINN fÉIN

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

*Agóideoirí na brataí ag maslú lucht ceiliúrtha na Gaeilge*

Dúirt an comhairleoir Caoimhín Mac Giolla Mhín go raibh agóideoirí ar
cheist na brataí taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste inniu ag
tabhairt drochíde béil do dhaoine, páistí óga ina measc, a bhí ag freastal
ar cheiliúradh Gaeilge.

“D’éirigh go seoigh le ceiliúradh a reachtáil an tArd Mhéara Máirtín Ó
Muilleoir inniu do phobal na Gaeilge sa chathair,” arsa an Comhairleoir
Sinn Féineach.

“Bhí an imeacht urramach dearfach agus bhí daoine ó gach cuid de phobal na
Gaeilge sa chathair páirteach ann.

“Thug an ceiliúradh aitheantas don obair atá déanta ag réimse mór daoine
atá ag cur na teanga chun tosaigh ar bhealach dearfach iolraíoch ar fud na
cathrach.

“Ach ar an láimh eile bhí cuid de lucht na hagóide ar cheist na brataí
iontach gríosaitheach.

“Thug cuid acu drochíde béil do dhaoine, páistí óga ina measc, a bhí ag dul
isteach don cheiliúradh cultúrtha.

“Ansin rinne cuid acu iarracht dul isteach i Halla na Cathrach féin le cur
isteach ar an imeacht.

“Tá Lá Fhéile Pádraig ar cheann de na laethanta ainmnithe nuair a bhíonn
bratach na hAontachta ar eitilt i mBéal Feirste.

“Tá sé soiléir mar sin nach raibh de rún ag na hagóidithe inniu ach chun
cur isteach ar an imeacht Ghaeilge agus chun teannas a thógáil.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:43:59

Admin/login Comments RSS

ILBF