Agóid mhór ag Aerfort na Sionainne chun tacú le Margaretta D’Arcy

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tugadh le fios inniu go mbeidh agóid ag Aerfort na Sionainne Dé Domhnaigh 9 Feabhra chun tacú le Margaretta D’Arcy atá faoi ghlas le roinnt seachtainí anois in ainneoin í a bheith tinn. Cuireadh go príosún  í  cionn is nach raibh sí toilteanach barantas a shíniú ag dearbhú nach mbeadh sí páirteach in agóid I gcodanna áirithe de Aerfort na Sionainne. Bhí Margaretta D’Arcy, 79 bliain d’aois, bhí sí páirteach I bhfeabhas agóidíochta ag Aerfort na Sionainne le roinnt blianta anuas chun cur I gcoinne an stáit a bheith ag ligean d’arm Mheiriceá na céadta mílte saighdiúir  thabhairt tríd an aerfort chuig cogaí sa Mheánoirthear agus ligean don CIA cimí a thabhairt chuig ionaid ceistiúcháin rúnda nó chuig áit a rinneadh, más fíor, iad a chéasadh. Beidh daoine ag taisteal ar bhus ó go leor ceantracha thuaidh is theas chun a bheith páirteach san agóid agus deir Shannon Watch go bhfuil siad ag dreim le scaite mór a bheith I láthair.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive