Agóid ag Teach Laighean

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

GA CMC1098-1GA CMC1098-16GA CMC1098-23Cearta Teanga Á Lorg Ag Conradh Na Gaeilge & AMLÉ An Nollaig Seo.

 

Tá cearta teanga agus comhionannas do phobal labhartha na Gaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ón Rialtas um Nollaig. D’fhógair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go raibh sé ag éirí as a phost go luath an tseachtain seo caite (4 Nollaig 2013) mar thoradh ar imeallú leanúnach na teanga sa chóras riaracháin phoiblí agus cur i bhfeidhm uireasach, neamhleorach na scéimeanna reachtúla teanga le comhlachtaí poiblí; sna sála ar an bhfógra tobann tubaisteach seo, tá Conradh na Gaeilge agus AMLÉ ag iarraidh ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisinéara Teanga maidir le ceart gach saoránaigh plé le heagrais stáit trí Ghaeilge, agus cinnte a dhéanamh de go gcuirtear bearta i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an bpolasaí de Bhéarla éigeantach atá i réim i ranna stáit agus i gcomhlachtaí poiblí mar ábhar práinne. Sna pictiúir os comhair Theach Laighean, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, bhí baill de Chonradh na Gaeilge agus d’AMLÉ.

GA CMC1098-1GA CMC1098-3Grianghraf: Conor McCabe Photography.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive