Agóid á beartú i gConamara mar aon le páirtíocht i Lá Mór na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

23 de mhí Feabhra beidhGaeil i gConamara go mbeidh mórshiúil ann ó Oifig an Choimisinéara go hoifig Roinn na Gaeltachta. Beidh sin ar an lá deireanach oibre ag Seán Ó Cuirreáin agus é ag éirí as mar Choimisinéir.

Beartaíodh air sin aréir ag cruinniú i SeanScoil Sailéarna agus daoine ag déanamh réidh do Lá Mór na Gaeilge a bheidh i mBaile Átha Cliath 15 Feabhra.

Dar le duine de na cainteoirí, Donncha Ó hEallaithe, go bhfuil sé le sonrú go bhfuil fearg ann faoin bualadh a tugadh don Ghaeilge ar oiread sin fronta, go háirithe le himeacht an Choimisinéara Teanga, agus go bhfuil macalla ar an sprid a bhí le sonrú am Cearta Sibhialta na Gaeltachta le sonrú anois. Cháin seisean agus go leor dá raibh i láthair an dóigh a bhfuil an státchóras ag plé leis an Ghaeltacht agus le lucht na Gaeilge.

Dar leis gur cur i gcéill a bhíonn ar bun ag Dinny Mc Ginley nuair a bhíonn sé ag taisteal fud na nGaeltachtaí ag cur in iúl go bhfuil gach rud i gceart ó thaobh cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachtaí i gceart.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 05:20:54

Admin/login Comments RSS

ILBF