Ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24
SLIOCHT

eagraithe ag Cló Iar-Chonnacht

 



Ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile
Séasúr léamha próis á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ar fud na tíre

Scríbhneoirí: Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach, Jackie Mac Donncha.
Fear an Tí: Micheál Ó Conghaile

 ANOCHT, 4 Samhain – An Taibhdhearc @ 8i.n.
Saorchead isteach

Léamh próis, seisiún ceisteanna agus freagraí agus síniú leabhar.

Beidh deis ag an bpobal léitheoireachta triúr de na scríbhneoirí Gaeilge is
bisiúla sa lá atá inniu ann a chloisteáil ag léamh óna saothar ag an ócáid
SLIOCHT. Gheobhfar radharc ar shaol an scríbhneora agus ar an méid a
spreagann iad chun pinn sa seisiún ceisteanna agus freagraí tar éis an
léimh. Beidh síniú leabhar i ndiaidh na hócáide agus deis cómhrá.

Joe Steve Ó Neachtain
Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa mbliain 1942
agus is ann atá cónaí air fós. Thóg sé suas a pheann sa mbliain 1969 agus
níor scaoil sé uaidh ó shin é. Tá úrscéalta, dánta, gearrscéalta, drámaí,
agallaimh bheirte, sceitseanna agus amhráin scríofa agus foilsithe aige. Tá
lán a ghabháil de dhuaiseanna bainte amach aige ar a shaothar agus bíonn
muintir Chonamara fré chéile ar bís ag fanacht ar an tabhartas is déanaí
uaidh. Is é an cnusach aistí Ag Caint Linn Féin (2013) an leabhar is
deireanaí uaidh.

Pádraic Breathnach
I Maigh Cuilinn a rugadh Pádraic Breathnach i 1942. Gearrscéalaí agus
úrscéalaí é móide colúnaí leis an ráitheachán Moycullen Matters. Tá seacht
gcinn déag de leabhair foilsithe aige, ina measc tá Bean Aonair, Buicéad
Poitín, Íosla, An Pincín agus Scéalta Eile, Ingne Dearga Dheaideo, As na
Cúlacha. Is leis an t-aistriúchán Luaithreach Angela ar mhórshaothar Frank
McCourt. Is é Deargadaoil i mBád fó Thoinn an leabhar is deireanaí uaidh.
1992 bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach Gradam Liteartha an Bhuitléaraigh
air. É pósta, muirín is garmhuirín air.

Jackie Mac Donncha
I gCill Chiarián in iarthar Chonamara a rugadh agus a tógadh Jackie Mac
Donncha agus is ann atá cónaí air. Tá riar maith duaiseanna bainte amach
aige; duaiseanna ag Gradam Liteartha an Oireachtas, gradam IFTA (Irish Film
& Television Academy), agus gradam ag Féile na Meán Cheilteach ina measc.
Bhain a shaothar Bróga Johnny Thomáis an chéad áit amach i gComórtas
Liteartha Chló Iar-Chonnacht i 2012. 

Micheál Ó Conghaile
As Inis Treabhair i gConamara ó dhúchas é Micheál Ó Conghaile. Scríbhneoir
bisiúil, éirimiúil é agus is iomaí duais atá buaite aige as ucht a chuid
scríbhneoireachta. Ar na duaiseanna atá bainte aige tá Príomh-Dhuais
Litríochta Hennessy agus Scríbhneoir Nua Éireannach na Bliana, Gradam
Liteartha Butler, ainmniúchán ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish
Times 2001 agus duais Stewart Parker/BBC Uladh. Beidh cnuasach nua
gearrscéalta leis á fhoilsiú i 2015. 

Bígí linn!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:14:32

Admin/login Comments RSS

ILBF