Ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile – sraith imeachtaí ag CIC

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Sraith léamha le Cló Iar-Chonnacht ar fud na tíre.

Ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile

1 – 5 Samhain, 2014



Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh sraith léamha próis/ficsin á
heagrú againn ar fud na tíre ag tús mhí na Samhna. Teideal na sraithe ná SLIOCHT
agus is deis iontach iad na léamha seo le cuid de na scríbhneoirí Gaeilge is bisiúla
sa lá atá inniu ann a chloisteáil ag léamh óna gcuid saothair.



Tabharfaidh na léamha seo an pobal léitheoireachta agus na scríbhneoirí le chéile.
Triúr scríbhneoirí a ghlacfaidh páirt i ngach léamh agus beidh deis ag an bpobal
ceisteanna a chur ar na scríbhneoirí faoi na leabhair i ndiaidh gach léamh.



Cuirfear tús leis an tsraith ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne ar an Satharn, an
1 Samhain ag 4.30 i.n. Is iad Jackie Mac Donncha, Ógie Ó Céilleachair agus Pádraic
Breathnach a bheidh ag léamh ag an ócáid sin.



Gabhfar go Gaillimh ansin áit a mbeidh an dara léamh ar bun sa Taibhdhearc, ar an
Máirt, an 4 Samhain ag 8.00 i.n. Is iad Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach
agus Jackie Mac Donncha a bheidh ag léamh i nGaillimh.



Cuirfear deireadh leis an tsraith i gConradh na Gaeilge, Halla Íde, 18 Sráid
Thomáis, Luimneach ar an gCéadaoin, an 5 Samhain ag 8.00 i.n. Glacfaidh na
scríbhneoirí Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach agus Ógie Ó Céilleachair
páirt sa léamh i Luimneach.
Is é Micheál Ó Conghaile a chuirfidh na himeachtaí i láthair. Saorchead isteach ar
gach léamh.



Na Léamha



LUIMNEACH

SLIOCHT ag Oireachtas na Samhna, Óstán Gleneagle, Seomra Inis Faithleann, Cill Áirne.

Dé Sathairn, an 1 Samhain ag 4.30 i.n.

Scríbhneoirí: Jackie Mac Donncha, Ógie Ó Céilleachair agus Pádraic Breathnach

Curtha i láthair ag Micheál Ó Conghaile



GAILLIMH

SLIOCHT sa Taibhdhearc, 19 Sráid Mheánach, Gaillimh

Dé Máirt, an 4 Samhain ag 8.00 i.n.

Scríbhneoirí: Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach agus Jackie Mac Donncha

Curtha i láthair ag Micheál Ó Conghaile



LUIMNEACH

SLIOCHT i gConradh na Gaeilge, Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach.

Dé Céadaoin, an 5 Samhain ag 8.00 i.n.

Scríbhneoirí: Joe Steve Ó Neachtain, Pádraic Breathnach agus Ógie Ó Céilleachair

Curtha i láthair ag Micheál Ó Conghaile
Na Scríbhneoirí



Pádraic Breathnach
I Maigh Cuilinn a rugadh Pádraic Breathnach i 1942. Gearrscéalaí agus úrscéalaí é
móide colúnaí leis an ráitheachán Moycullen Matters. Tá seacht gcinn déag de
leabhair foilsithe aige, ina measc tá Bean Aonair, Buicéad Poitín, Íosla, An Pincín
agus Scéalta Eile, Ingne Dearga Dheaideo, As na Cúlacha.  Is leis an t-aistriúchán
Luaithreach Angela ar mhórshaothar Frank McCourt.  Is é Deargadaoil i mBád fó Thoinn
an leabhar is deireanaí uaidh.  1992 bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach Gradam
Liteartha an Bhuitléaraigh air.  É pósta, muirín is garmhuirín air.



Ógie Ó Céilleachair
Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge é Ógie Ó Céilleachair. I measc na ngradam a
bronnadh air tá duaiseanna scríbhneoireachta ag féiltí éagsúla drámaíochta, Gradam
Liteartha Mhíchíl Óg Uí Longáin i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, sa bhliain
2005. Glacann sé páirt rialta in Oireachtas na Samhna agus an tOireachtas Liteartha.
Bhuaigh sé an duais speisialta i gComórtas na Lúibíní 2005, an dara áit sa chomórtas
céanna 2006 agus an chéad áit i gComórtas na Lúibíní 2010. Tá téacsleabhar staire
trí mheán na Gaeilge don Teastas Sóisearach foilsithe aige. Ba é Cúpla a chéad
úrscéal.

Joe Steve Ó Neachtain

Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa mbliain 1942 agus is
ann atá cónaí air fós. Thóg sé suas a pheann sa mbliain 1969 agus níor scaoil sé
uaidh ó shin é. Tá úrscéalta, dánta, gearrscéalta, drámaí, agallaimh bheirte,
sceitseanna agus amhráin scríofa agus foilsithe aige. Tá lán a ghabháil de
dhuaiseanna bainte amach aige ar a shaothar agus bíonn muintir Chonamara fré chéile
ar bís ag fanacht ar an tabhartas is déanaí uaidh. Is é an cnusach aistí Ag Caint
Linn Féin (2013) an leabhar is deireanaí uaidh.



Jackie Mac Donncha
I gCill Chiarián in iarthar Chonamara a rugadh agus a tógadh Jackie Mac Donncha agus
is ann atá cónaí air. Tá riar maith duaiseanna bainte amach aige; duaiseanna ag
Gradam Liteartha an Oireachtas, gradam IFTA (Irish Film & Television Academy), agus
gradam ag Féile na Meán Cheilteach ina measc. Bhain a shaothar Bróga Johnny Thomáis
an chéad áit amach i gComórtas Liteartha Chló Iar-Chonnacht i 2012.



Micheál Ó Conghaile
As Inis Treabhair i gConamara ó dhúchas é Micheál Ó Conghaile. Scríbhneoir bisiúil,
éirimiúil é agus is iomaí duais atá buaite aige as ucht a chuid scríbhneoireachta.
Ar na duaiseanna atá bainte aige tá Príomh-Dhuais Litríochta Hennessy agus
Scríbhneoir Nua Éireannach na Bliana, Gradam Liteartha Butler, ainmniúchán ar
ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times 2001 agus duais Stewart Parker/BBC
Uladh. Beidh cnuasach nua gearrscéalta leis á fhoilsiú i 2015.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:31:05

Admin/login Comments RSS

ILBF