Ag brú ar son mheánscolaíocht trí Ghaeilge i nDoire

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

BEIDH DOIRE DEARG LE FEARG AR LÁ LE PÁDRAIG

 

Ón ghrúpa Gaeilge Amháin ar Facebook – fógra ó Oisín Mac Eochaidh, Príomhoide Ghaelscoil na Daróige

 

Tá grúpa gníomhaíochta thuismitheoirí, a bunaíodh i ndiaidh cruinnithe ar na mallaibh faoin easpa meánscolaíochta trí Ghaeilge i nDoire, ag iarraidh ar an phobal a thacaíocht a léiriú ar an mhórshiúl Lá ‘le Pádraig sa chathair. Tá an choiste ag iarraidh nascanna a dhéanamh leis na léirsithe móra a bhí i mBaile Átha Cliath agus leis an ’Lá Dearg’ atá pleanáilte do Bhéal Feirste ar 12ú Aibreán nuair a shiúlann siad mar chuid den mhórshiúl Lá le Pádriag ar son cearta Gaeilgeoirí sa chathair. Mar sin iarrtar ar lucht tacaíochta na Gaeilge bheith leo agus an dath dearg a chaitheamh ar an pharáid. “Tháínig tuismitheoirí ó ghaelscoileanna chathair Dhoire le chéile dé hAoine 21ú Feabhra le socruithe don mhórshiúl Lá le Pádraig a phlé. Beimid páirteach ar an mhórshiúl le géarr gá le meánscolaíocht trí Ghaeilge donár bpáistí a chur in iúl agus an tacaíocht atá ann di a thaispeáint go soiléir. Beidh meirge againn leis an teachtaireacht sin uirthi agus beimid ag siúl mar chuid den ghnáthmhórshiúl poiblí. Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí, ar dhaltaí agus ar chairde na Gaeilge bheith ag siúl linn agus an dath dearg a chaitheamh mar a chaith daoine i mBaile Átha Cliaith an mhí seo caite sa léirsiú mór ‘Dearg le Fearg.’ Tá fáilte roimh chách bheith ag siúl linn ar an pharáid agus an éileamh ar an mheánscolaíocht trí Ghaeilge sa chathair a chuir in iúl ar dhóigh feiceálach. Is ocáid spraíúil, sábháilte agus foirsteannach do teaghlaigh í ach tá teachtaireacht tabhachtach ann fosta. Beidh tuilleadh eolais ar fail roimh i bhfad faoi imeachtaí spraiúla eile ar an lá.” B’í aidhm an fheachtais ná práinn an ábhair a chur faoi bhraid an aire oideachais agus ceist na meánscolaíochta trí Ghaeilge i nDoire a bhrú go barr a chlár oibre. Tugadh tuairisc a Ghrúpa Chomhairle dó ag deireadh mí Feabhra. Má thugann an Aire freagra dearfach roimh i bhfad is cosúil go mbeidh tionchúr aige sin ar na socruithe don pháirtíocht sa pharáid.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive