Acht Gaeilge ina phríoracht ag Sinn Féin – Ní Thoirealaigh

imeachtaí, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Acht Gaeilge ina phríoracht ag Sinn Féin – Ní Thoirealaigh

 

Dúirt an CTR Sinn Féineach Róise Ní Thoirealaigh go bhfuil sé ina phríoracht go fóill ag Sinn Féin reachtaíocht a fháil le cearta Gaeilgeoirí a chosaint.

 

Bhí Róise Ní Thoirealaigh ag caint i ndiaidh d’ionadaithe ó na grúpaí teanga POBAL agus Turas taisteal go Stormont inniu chun bualadh leis an leas Céad Aire Martin McGuinness.

 

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh:

 

“Tháinig ionadaithe ó Phobal agus ó Thuras chuig Stormont inniu ag iarraidh cothrom na Féinne don phobal Gaeilge.

 

“Bhuail mé leis na grúpaí agus dúirt mé arís leo go bhfuil Sinn Féin ag tacú le héileamh s’acu d’Acht Gaeilge chun cearta an phobal Gaeilge a chosaint.

 

“Bhí cruinniú dearfach acu fosta le Martin McGuinness. Dúirt an leas Céad Aire leo go bhfuil sé ina phríoracht ag Sinn Féin Acht Gaeilge a bhaint amach.

 

“Labhair na grúpaí faoin obair dearfach atá idir lámha acu ag cur na Gaeilge chun tosaigh i measc an phobail.

 

“Leanfaimid linn ag éileamh ar rialtas na Breataine na coimitmintí a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gcomhaontaithe eile a chur i bhfeidhm, Acht Gaeilge san áireamh.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 22:29:21

Admin/login Comments RSS

ILBF