Achainí ar son na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rialtas na hÉireann: Tabhair cothrom na Féinne don Ghaeilge is do Ghaeilgeoirí

Tá a fhios ag gach Gaeilgeoir in Éirinn gur thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin go leor cúiseanna lena chinneadh le héirí as a phost. Tá go leor scríofa sna meáin le seachtain anuas faoi seo ach ‘sé bun agus barr an scéil ná go bhfuil an Ghaeilge i gcruachás géar de dheasca chomhlíonadh ghealltanais an rialtais.
Tá faillí mhillteanach déanta le fada sa Ghaeilge ag Rialtas na hÉireann, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta agus is mithid dúinne, Gaeil a chur orthu stad iomlán a chur leis sin.
Tá muid bréan tuirseach den chur i gcéill mhallaithe seo atá ag cur na teanga ar bhealach a haimhleasa agus ag déanamh a bheag dúinne, Gaeil.

Iarraimid ar Fhine Gael agus ar an Lucht Oibre na heagraíochtaí Gaeilge a mhaoiniú mar is ceart agus ligint dóibh inchur a bheith acu i bpolasaithe oifigiúla an rialtais chun an obair agus an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm ar bhealach réadúil agus indéanta.
Iarraimid go ndéanfar seo sula mbíonn sé rómhall.
http://www.avaaz.org/en/petition/Rialtas_na_hEireann_Tabhair_cothrom_na_Feinne_don_Ghaeilge_is_do_Ghaeilgeoiri/?tVYdCgb

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-20 17:36:04

Admin/login Comments RSS

ILBF