Acadamh Gaeilge á meas ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Caral Ní Chuilín go mbeidh a roinn ag dul i mbun staidéar féidearachtaí maidir le bunú Acadamh Gaeilge sna Sé Chontae. Ní léir cén leagan amach a bheadh ar an Acadamh ach chuir ball tionóil Shinn Féin d’Iarthar Bhéal Feirste, Rosie McCorley, fáilte roimh an mholadh. Dar léi go bhfuil caint faoina macasamhail le tamall anuas i measc Gaeilgeoirí agus go rachadh a leithéid chun tairbhe lucht labhartha na teanga, lucht Líofa is foghlaimtheoirí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:44:41

Admin/login Comments RSS

ILBF