Ábhar frith-Sheimíteach curtha chuig teach Alan Shatter

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinne Foireann Diúscartha Buamaí an airm scrúdú ar maidin inniu ar bheart a cuireadh chuig teach an Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Níor mhair an oibríocht slándála i bhfad ach dar leis an Taoiseach agus é ag caint sa Dáil ar ball inniu go raibh pudar bán sa bheart agus bhí grianghraf de Naitsithe am an Dara Cogadh Domhanda agus manaí frith-Sheimíteacha ann chomh maith. Dar leis an Taoiseach gur cuireadh go leor ábhar den tsórt céanna chuig an Roinn Dlí is Cirt ar na mallaibh agus cháin sé iad sin a bhí freagrach as.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:34:06

Admin/login Comments RSS

ILBF