905 iarrthóir san iomaíocht do 462 suíochán comhairleora ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Táthar ag dreim leis na céad torthaí i dtoghchán na gcomhairlí ó thuaidh go luath tráthnóna. Tá 11 comhairle i gceist ó thuaidh seachas 26 mar a bhí ann roimheagus tá dreim leis go mbeidh tromlach, ag deireadh an toghcháin seo, ag aontachtaithe i 6 Chomhairle, tromlach ag náisiúnaithe ar 4 Comhairle, agus Páirtí an Chomhaontais ina RíDhéantóir i mBéal Feirste. Leanfar leis an chomháireamh amárach. Níl dreim le toradh toghchán na hEorpa go dtí an Luan.

Tá tuairimíocht ann i mBéal Feirste go mbeidh Máirtín Ó Muilleoir ag barr an liosta i mBalmoral. Bhí sé sa tríú áit ansin in 2011 ach tá a sheal mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste i ndiaidh cur go mór lena hiomrá agus lena thacaíocht. Cuirfear suim mhór sa toghchán áitiúil ansin nó is ann atá Tina Mc Kenzie ag seasamh, bean a bhí ina iarrthóir Eorpach do NI21 agus a d’éirigh as Feidhmeannas an pháirtí aréir. Agus lena chois is sa toghcheantar sin atá iarLeas Ard Mhéara ar Bhéal Feirste, Christopher Stalford, DUP. Agus Jeffery Dudgeon, fear a bhí chun tosaigh san fheachtas i gcoinne cosc dlí a bheith ar homaighnéasachas agus thug sé cás dlí chuig Cúirt Strasbourg. Tá sé ina iarrthóir don UUP.

Tá dreim le toradh ar an chéad chomháireamh i roinnt toghcheantar faoin 3.00 agus na céad torthaí, thart faoi 6 a chlog tráthnóna. Ní bheidh na torthaí críochnaithe go dtí oíche amárach.

Tá oibrithe Shinn Féin i mBéal Feirste ag cur in iúl go bhfuil siad muiníneach go mbainfidh siad 5 suíochán i gceantar Colin, suíochán amháin i mBotanic, ceann eile i Titanic agus 3 cinn i mBéal Feirste Thuaidh. Níl aon chaint go fóill ar shuíochán Niall Ó Donghaile i mBéal Feirste Thoir.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:06:50

Admin/login Comments RSS

ILBF