89 bliain d’aois – agus a fichidiú mion-maratón rite aici!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

40,000 bean a rith agus a shiúil i mion-mharatón Bhaile Átha Cliath inniu agus thóg airgid do na scórtha cumann carthanachta mar aon le bheith ag cur go mór le aoibhneas a mbeatha féin is ag cur lena sláinte. B’í Barbara Cleary ó  Donore Harriers a bhain in am 34 bomaite and 7 soicind.

Maria McCambridge, ó Bhaile Átha Cliath a bhí sa dara áit agus  Catherina McKiernan ó Chabhán sa tríú áit.

Ach bhí aird go leor ar laoch eile inniu, mar atá Maureen Armstrong, 89, a chríochnaigh inniu ar a fichidiú mionmharatón. As Tiobraid Árann do Mhaureen agus thug sí faoi rith i ndiaidh di éirí as saol an fheirmeora.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive