800,000 i láthair do naomhú na bPápaí, cuireadh ón Taoiseach do Phroinsias teacht go hÉirinn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Meastar go raibh suas le 800,000 duine I láthair sa Róimh inniu do bheannú an bheirt iarPhápa, an Pápa Eoin Pól 11 agus an Pápa Eoin XX111. B’iad an Pápa Prionsias agus an iarPhápa, an Pápa emeritus Benedict XV1, a bhí I mbun na searmáinise. Bhí 3,000 Éireannach, ar a laghad I measc an tslua. Le linn dó bualadh leis an Phápa thug an Taoiseach cuireadh dó teacht go hÉireann agus chuir in iúl go mba mhaith dá dtabharfadh sé cuairt ar na Sé Chontae. Thug an Taoiseach le fios gur faoin eaglais in Éirinn atá sé cuireadh a thabhairt ach go raibh sé ag iarraidh cur in iúl go mbeadh tacaíocht iomlán an rialtais ann dá socródh an Pápa Proinsias teacht go hÉirinn.Bhí an Cairdinéal Seán Ó Bradaigh I gcuideachta an Taoisigh agus chuir sé in iúl go raibh sé iontach sásta go raibh ionadaíocht chomh mór sin ó rialtas na hÉireann ag an ócáid.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:40:24

Admin/login Comments RSS

ILBF