7 Lá – Feirm Éisc Chuan na Gaillimhe – 7.30 pm ar TG4

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Pléifear, ón dá thaobh, anocht ag 7.30pm  ar ‘7 Lá’ ar TG4, ceist na feirme éisc bradáin órgánaigh atá á lorg ag Bord Iascaigh Mhara do shuíomh ó thuaidh de Inis Oirr i gCuan na Gaillimhe.  Measann Bord Iascaigh Mhara go gcruthófar 500 post má théann an togra seo ar aghaidh. Tá táirgeoirí éisc áitiúla ag tacú leis an dtogra, ag rá go bhfuil an t-éileamh atá ar bhradáin na hÉireann ag dul i méid.  Ach, tá go leor grúpaí pobail agus iascaireachta ina choinne, agus tá imní á léiriú acu faoi na himpleachtaí timpeallachta a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá imní á léiriú acu freisin faoi mhíolta farraige, an éifeacht a bheadh ag iasc a éalaíonn ar éisc fiáine agus faoi thruailliú.

Tá 400 aighneacht curtha faoi bhráid an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ón uair gur chuir Bord Iascaigh Mhara iarratas ar cheadúnas faoina mbráid.  Tá breithniú á dhéanamh ag an Roinn agus ag an Aire faoi láthair ar an iarratas. 

Beidh díospóireacht bheo stiúideo ar an scéal seo le rannpháirtithe ón dá thaobh, Máirtín Breathnach ó Bord Iascaigh Mhara, Peadar Thomáis Ó Conghaile, iascaire as Inis Oirr, Seán Ó Gealbháin, próiseálaí éisc ó Irish Sea Spray agus an Comhairleoir Contae, Seán Ó Tuairisg, Fianna Fáil.

7 Lá DÉ MÁIRT @ 7:30 i.n.

TG4.tv

Twitter @7laTG4

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:19:24

Admin/login Comments RSS

ILBF