67+ marbh in ionsaithe san Éimin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh corradh is 67 duine ar a laghad i dtrí ionsaí buamála sa phríomhchathair Sanaa. Tharla an t-ionsaí is marfaí acu i scaifte de na mílte daoine ón phobal Houthi, pobal Shia don chuid is mó atá míshásta cionn is go bhfuil an rialtas reatha claonta, dar leo, ina gcoinne. Agus tamall beag i ndiaidh na hionsaithe sin, a mharaigh 47 duine ar a laghad, mharaigh buamadóir fiche saighdiúir in ionsaí buamála ar ionad seiceála ar imeall an bhaile. Bhí ionsaí eile ann ar ball ar bheairic ach ní fios go fóill cá mhéad a maraíodh nó a gortaíodh san eachtra sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 22:47:11

Admin/login Comments RSS

ILBF