500 duine páirteach in léirsiú i gcoinne lucht drugaí in Ros Cré

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuaigh tuairim is 500 duine i mbun mórshiúil a fhad le stáisiún na nGardaí i Ros Cré aréir agus iad ag léiriú a n-imní faoin dochar a bhfuil drugaí ag déanamh sa bhaile. Bhí cruinniú ollmhór in halla sa bhaile ar dtús chun go mbeadh seans ag daoine an cheist a phlé agus ar ball shocraigh an slua dul a fhad leis an stáisiún Garda agus labhairt leis na Gardaí ansin, rud a rinne siad. Chuir na Gardaí ar a súile dóibh go bhfuil an stáisiún oscailte 24 uair a chloig agus nach aon phleann ann, i láthair na huaire, é sin a athrú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive