5 Thogra le TG4 gearrliostaithe don Fhéile Cheilteach 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

5 Thogra le TG4 gearrliostaithe don Fhéile Cheilteach 2014   

Tá curtha le cáil idirnáisiúnta TG4 mar sholáthraí ábhair den scoth agus chúig shaothar atá luaite leis ar an  gearrliosta  do na babhtaí ceannais d’Fhéile na Meán Ceilteach 2014.  Tá ábhar do pháistí, drámaíocht agus faisnéis i measc na saothar Gaeilge atá roghnaithe i mbliana i cheithre dhuais-aicme teilifíse.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.     Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.  Beidh Féile na bliana seo ar bun i bPort Ia  (St Ives) i gCorn na Breataine 2-4 Aibreán. (www.celticmediafestival.co.uk)

 

Is iad seo na saothair le TG4 atá roghnaithe i mbliana:

Sraith Fhaisnéise:                                                                                                                                      Bású:  Erskine Childers   clár faisnéise (agus drámaíochta) ón tsraith a thráchtann ar na fir a chuir Rialtas an tSaorstáit chun báis le linn an Chogaidh Cathardha, iar-chomrádaithe ó Chogadh na Saoirse tamall gairid roimh sin.  Bhain Erskine Childers le haicme na hImpireachta agus b’úrscéalaí aitheanta é.  Daoradh é as gunna a bheith ina sheilbh aige, bronntanas a thug Micheál Ó Coileáin dó. Black Rock Pictures Teo.  Léiriú le Black Rock Pictures

Aille an Uafáis:  Dhá chlár faisnéise (agus drámaíochta) a thugann léargas nua ar Éirí Amach 1916 le scéalta pearsanta beirte a ghlac páirt sa trodaíocht, duine ar  chaon  taobh.   Díríonn an scéal ar oifigeach in Arm na Breataine a seoladh ar ais chuig a thír dhúchais ar bheagán fógra agus a casadh isteach i luíochán gan choinne i lár na cathrach ar Shráid an Mhóta i ndeisceart na cathrach.  Baineann an scéal eile leis an ár a rinneadh ar Óglaigh ar Shráid Thuaidh an Rí ar an taobh eile den chathair.  Léiriú le Tile Films.

Clár Aonair Faisnéise:                                                                                                                                            An Dubh ina Gheal:  Clár spreagúil faisnéise, staire agus taistil ina bhfiosraíonn an file agus scoláire Louis de Paor gné den chaidreamh Ghael-Astrálach nach ndéantar oiread sin cainte fúithi anois.  Seo é scéal na nGlún Fuadaithe, páistí de phór measctha (geal agus bundúsach san Astráil) a thóg na húdaráis agus iad nua-bheirthe lena chinntiú gur tógáil de chuid an chine ghil a fuaireadar.   Léiriú le Saoi Media.

Páistí                                 

BB agus Bella:     Seo sraith álainn beochana Gaeilge do pháistí óga réamhscoile, 2-4 bliain ina mbíonn eachtraí agus amhráin go leor ag Bella agus a cairde agus iad de shíor ag foghlaim.   Baineadh leas as an saineolas is fearr agus is deireanaí faoi fhoghlaim teanga agus an tsraith seo á cruthú. Léiriú le Igloo Films

Beochan                                                                                                                                                                  Igam Ogam 2   (roghnaithe ag an ngiúiré sa mBreatain Bheag).  Seo  sraith faoi chailín beag a bhfuil cónaí uirthi I bpluais ar phlainéad réamhstaire. Bíonn neart le foghlaim uaithi gach aon lá.   Is comhléiriú idirnáisiúnta é seo ag an gcomlacht Gaeltachta Telegael i bpáirt le Mount Stuart Media Limited, Channel 5, S4C, ZDF agus TG4.

Deir Ardstiúrthóir TG4  Pól Ó Gallchóir gur maith an tomhais ar ardchaighdeán TG4 an roghna clár seo leis a bheidh páirteach sna babhtaí ceannais d’Fhéile na Mean Ceilteach 2014.  “ Spreagann an Fhéile seo muid gach bliain”, a deir sé “ agus muid i láthair ár gcomhghleacaithe as Albain, an Bhreatain Bhig, Corn na Breatine, an Bhriotáina agus Manainn.  Tugann an gearrliosta seo ardú croí dúinn agus muid ag súil go n-éireoidh go geal leis na cláir seo agus iad in iomaíocht chairdiúil le saothair as na náisiúin eile sin.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:14:17

Admin/login Comments RSS

ILBF