Riailigh an Giúistís Thokozelie Masipa inniu go gcaithfidh Oscar Pistorus cúig bhliain chaitheamh faoi ghlas as marú a chailínchara Reeva Steenkamp. Thug sí le fios ina breithiúnas, a thóg sé uair a chloig uirthi a léamh amach, go raibh roinnt gnéithe a chuir le tromchúiseacht an cháis, orthu sin a laige is a bhí ar a laghad duine amháin de na féinnithe ar son Pistrorus, an oiliúint a bhí faighte aige ar ghunnaí agus an tábhacht le go dtuigfí nach bhfuil dlí amháin ann do dhaoine saibhre agus dlí eile do dhaoine bochta.