48 uair a chloig sa bhreis don PSNI chun Gearóid Mc Adam a cheistiú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cheadaigh breitheamh i mBéal Feirste inniu don PSNI síneadh 48 uair a chloig chun leanúint do cheistiú Ghearóid Mhic Adaim. Dúirt lMartin Mc Guinness níos luaithe sa lá gurb é baill sinsearacha den PSNI féin a dúirt leis go raibh taobh dorcha den phóilíneacht ann, sliocht a luaigh sé ina chaint leis na meáin inné. Dar leis go bhfuil cabal beag taobh istigh den PSNI atá maíte ar dochar a dhéanamh do Shinn Féin agus cur as don phróiseas na síochána. Luaigh sé an fiosrúchán ar shléacht Bhaile Uí Mhurchú, Domhnach na Fola agus buamaí Bhaile Átha Cliath/Muineacháin mar shamplaí de phóilíneacht polaitiúil agus cur isteach pholaitiúil ar fhiosrúcháin póilíneachta.  Thug sé le fios go dtacódh Sinn Féin leis na heilimintí forasacha taobh istigh den phéas ó thuaidh ach maidir lena dtacaíocht don PSNI amach anseo bheadh athbhreithniú acu ar a seasamh mura raibh toradh sásúil ar an ghéarchéim áirithe seo.

Dúirt an tAire Dlí ó thuaidh, David Ford, nach fíor go raibh póilíneacht pholaitiúil ann. Dar leis má tá póilíneacht dhorcha ann nach bhfeiceann sé féin é mar go bhfeiceann sé póilíneacht ar bhonn proifisiúnta cothrom agus ag leanúint d’fhiosrú leideanna.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:11:41

Admin/login Comments RSS

ILBF