33 agallamh taifeadta agus mé faoi ghlas – Gearóid Mc Adam

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ag ócáid in Ostán an Balmoral ar imeall Iarthar Bhéal Feirste anocht léigh Gearóid Mc Adam amach ráiteas – píosa maith dó i nGaeilge . Ag tosú dó chuimhnigh sé gur thuig sé go maith go bhfuil Jean Mc Conville agus a clann ag croí an scéala agus shéan sé aris eile do na liomhainti a rinneadh. Thug sé le fios go raibh 33 agallamh taifeadta le linn dó  a bheith á cheistiú agus dar leis go raibh an fócas ar ábhar ó nuachtáin is leabhair atá le blianta fada os comhair an phobail agus ar líomhaintí a rinneadh sa Tionscnamh Choláiste Bhostuin. Chuaigh ceisteanna siar chomh fada leis an seal go raibh sé 18 mí d’aois deir sé.  Dúirt sé nach gcáinfeadh sé na daoine a bhí á cheistiú cionn is gurb é sin jab s’acu. Dar leis go dtacaíonn sé agus Sinn Féin leis an PSNI.  Ach cháin sé an seangharda a rinne roghanna áirithe de rogha ar roghanna eile.  ‘Is léir go bhfuil naimhde phróiseas na síochána ag obair go fóill ach ní bheidh bua acu’ ar seisean. Mhaígh sé go raibh imní air nuair a luaigh an PSNI agallamh leis Dé Céadaoine seo caite. Ach gur in ainneoin sin gur thoiligh sé dul agus bualadh leo. Mhaígh sé go bhfuil sé neamhchiontach ar fad as comhcheilg chun Jean Mc Conville a fhuadach nó a mharú ná baint aige leis na heachtraí sin. Dúirt sé gur gá i gcónaí an tsíocháin a thógáil agus go bhfuil pobal na hÉireann maíte ar sin a dhéanamh. Deir sé nach deachaigh sé chuig beairic Aontroma ag dreim le go gcaithfi leis ar bhealach difriúil ó dhuine ar bith eile. Ach chuimhnigh sé go dtiocfadh leis na daoine a thug an t-údarás lena ghabháil roghanna eile a dhéanamh, maidir leis an reachtaíocht ar úsáid siad, an am a  bheartaigh siad a ghabháil faoi chóngar don toghchán agus eile. Ní bhainfidh an seangharda ar sé. Agus ní féidir leis an taobh dorcha de rialtas na Breataine a gcearta a shénadh ar an phobal ar sé. Ceistíodh é, deir sé faoi altanna a bhí i nuachtáin agus leabhair sna 1970í, seanghrianghrafanna agus eile, rudaí a bhi os comhair an phobail cheana. Luaigh sé gur díríodh fosta ar chuid dá raibh sa Tionscnamh Choláiste Bhostúin. Is líomhaintí a rinne Brendan Hughes agus Dolores Price a bhí ar na líomhaintí a rinne iarracht chun é a cheangal le Jean Mc Conville ar sé. Ach shéan sé arís do na liomhaintí sin. Chuimhnigh sé go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh constaicí a chur sa bhealach ar dhul chun tosaigh ach mhaígh sé go bhfuil an pobal maíte ar shárú ar na constaicí sin. ‘Níil aon bhóthar eile ach cur chun cinn na síochána’ ar seisean.

Tá mac le Jean Mc Conville, Michael Mc Conville, i mbun preas ócáide i mBéa Feirste anocht.

Agus é ag freagairt do cheist ó Tommy Gorman dúirt Gearóid Mc Adam go dtiocfadh leis an PSNI an dlí a chur air go fóill. Chuimhnigh sé arís go bhfuil ceart ag daoine an fhirinne agus a gcearta  lorg agus nach fadhb leis plé leis an PSNI. Ach dúirt sé go raibh roghanna ag an PSNI agus gur léir go raibh an seangharda maíte ar sean nósanna.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 19:12:25

Admin/login Comments RSS

ILBF