28 marbh i ndiaidh ionsaí an Talaban ar aerfort Karachi

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na péas sa Phacastáin go bhfuil siad ag iarraidh eolas cruinn a fháil faoi cad é mar ar éirigh le deichniúr trodaire de chuid an Talaban ionsaí a dhéanamh ar chuid de aerfort Karachi. D’éirigh leis na fórsaí slándála smacht a fháil ar an aerfort i ndiaidh dóibh cath a throid ar feadh sé uair a chloig leis na hionsaitheoirí. Deir an Talaban gur díoltas a bhí san ionsaí as ionsaithe a rinne eitleáin gan phioláta ar shibhialtaigh agus baill dá gcuid in iarthar na Pacastáine. Bhagair siad go ndéanfadh siad tuilleadh ionsaithe mar seo amach anseo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:41:22

Admin/login Comments RSS

ILBF