260 duine ciontaithe as coireanna a bhain le ‘bratacha’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an PSNI gur ciontaíodh 260 duine cheana féin as a bheith ceangailte ar bhealach éigin le hagóidí nó trioblóid a lean cinneadh Chomhairle Bhéal Feirste chun crochadh brat Shasana a theorannú thart faoin am seo anuraidh. Dar leis na péas ó thuaidh go bhfuil 560 cúisithe nó a n-ainm curtha ar aghaidh chuig na péas mar gheall ar an trioblóid agus agóidí. Tá an oibríocht chun daoine a ghabháil ag dul ar aghaidh i gcónaí dar leis an Chigire Bhleachtaire Sean Wright agus mhol sé do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar a bheith páirteach in agóid níos moille an mhí seo nó amach anseo a bheith ag déanamh amhlaidh de réir dlí agus go síochánta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:10:48

Admin/login Comments RSS

ILBF