25 marbh agus caismirtí ag dul i rith an ama i gCív na hÚcráine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá péas ag leanúint inniu, deirtear, dá n-iarrachtaí chun léirsitheoirí a ruaig amach as príomhchearnóg Cív agus tá caismirtí ag dul ar aghaidh i rith an ama. Inné agus aréir maraíodh 25 duine ar a laghad agus gortaíodh na céadta san fhorneart is measa a tharla sa tír ó thosaigh léirsithe is agóidí trí mhí ó shin, am ar shocraigh an rialtas ansin gan comhaontas nua a shocrú leis an Aontas Eorpach ach teacht ar chomhaontas nua leis an Rúis. Inné thosaigh trioblóid go luath sa lá agus ag an am is measa trioblóide dódh foirgneamh mhór ina raibh na léirsitheoirí lonnaithe le roinnt seachtainí anuas. Mhaígh siadsan gur péas a bhí freagrach as sin. Bhí seachtar péas orthu sin a maraíodh. Mhol polaiteoirí sa tír agus taobh amuigh de mhol siad ar gach taobh a bheith measartha agus gan a bheith ag dul i mbun fornirt ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil na caismirtí ar maidin ag dul in olcas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 22:48:37

Admin/login Comments RSS

ILBF