21 marbh ar maidin inniu i gcaismirtí i gCív

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Táthar ag tuairisiciú gur maraíodh breis agus fiche duine i gcaismirtí i lár Cív ar maidin inniu in ainneoin sos cogaidh a bheith fógartha ag an dá thaobh ann aréir. Lean na caismirtí feadh na hoíche agus ar maidin chuaigh siad in olcas arís. Dar leis na léirsitheoirí gur éirigh leo cuid den chearnóg a ghabh na péas uathu oíche Mháirt a smachtú arís. Tá an tUachtarán Viktor Yanukovich chun bualadh le chéile ar ball inniu le hAirí Gnóthaí Eachtracha ón Fhrainc, ón Ghearmáin agus ón Pholainn agus beidh na hAirí sin ag cur ar fáil tuairisc ar ball do chruinniú na nAirí Gnóthaí Eachtracha den Aontas Eorpach ar fad sa Bhruiséil. Déanfar plé ag an chruinniú mullaigh sin ar na roghanna atá ann maidir le ról a imirt i dtabhairt chun deiridh an fhornirt san Úcráin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:58:37

Admin/login Comments RSS

ILBF