21 duine san iomaíocht do phost an Choimisinéara Teanga

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug an tAire Stáit Dinny Mc Ginley le fios go bhfuil duine is fiche i ndiaidh iarratas a chur agus iad ag iarraidh jab an Choimisinéara Teanga. Beidh an post ar fáil ó dheireadh na míosa seo nuair a bheidh Seán Ó Cuirreáin ag éirí as. Dar leis an Aire Stáit Mc Ginley nach bhfuil an tAire teoranta do na daoine a léirigh suime go dtí seo agus é ag ceapadh comharba Sheáin Uí Chuirreáin.  Ní léir cén amscála a bheidh ann do cheapadh Choimisinéara nua. Is dócha go dtabharfaidh an tAire Stáit leid faoin amscála nuair a bheidh sé i láthair Fo- Choiste Oireachtas faoi stritéis na Gaeilge 6 Márta. Post 6 bhliain atá i gceist agus tuarastal €115,500 sa bhliain leis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:09:47

Admin/login Comments RSS

ILBF