20,000 mac léinn sa bhreis cláraithe do reifreann na bliana seo chugainn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le hAontas na Mac Léinn go bhfuil siad i ndiaidh 20,000 mac léinn sa bhreis, go leor leor acu nár vótáil roimhe seo, a chlárú le go mbeadh siad in ann vótáil i reifreann na bliana seo chugainn maidir le pósadh comhghnéis. Deir Laura Harmon go raibh sprioc de 10,000 acu ach go bhfuil siad i ndiaidh 20,000 a chlárú. Dar léi go raibh ról go stairiúil ag mic léinn i gcur le cothrom na Féinne agus cearta don uile duine agus go dtiocfadh le mic léinn ról nach beag a imirt i reifreann na bliana seo chugainn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:24:53

Admin/login Comments RSS

ILBF