20,000 dalta scoile ag glacadh páirte sa dúshlán “Gaeilge24”

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 


20,000 dalta scoile ag glacadh páirte sa dúshlán “Gaeilge24” amárach!

Beidh breis is 20,000 dalta ó fud fad na tíre ag glacadh páirte i ndúshlán Gaeilge24, Conradh na Gaeilge amárach ag labhairt i nGaeilge amháin ar feadh an lae ar fad ar scoil, sa bhaile, ag na siopaí, lena gcairde agus lena muintir.

Is í seo an tríú bliain de Gaeilge24 agus tá níos mó daoine ná riamh ag glacadh páirte ann i mbliana.

Bealach iontach is ea é an dúshlán seo le daltaí scoile agus an pobal mór a spreagadh leis an teanga a labhairt níos minice ina saoil. Tá an Ghaeilge á normalú tríd an dúshlán seo. Is iad na rannpháirtithe féin a bhéas ag scaipeadh na Gaeilge pé áit ina bhfuil siad, ag spreagadh daoine eile le labhairt leo i nGaeilge agus ag tacú leo lena gcuid cúpla focal féin a úsáid tríd an lá. 

Is fiú #Gaeilge24 a leanúint ar twitter le blaiseadh a fháil ar na daoine éagsúla a bhéas ag glacadh páirte, an tAire Stáit Joe McHugh ina measc.

 

Arsa Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge:

“Tá na mílte t-léine seolta amach go daltaí ar fud an oileáin le caitheamh amárach le haird a tharraingt ar an dúshlán. Bígí ag faire amach dóibh. Tá muid an-sásta gur ghlac an tAire Stáit McHugh leis an dúshlán freisin - táim cinnte go mbainfidh Joe agus an 20,000 duine eile atá ag glacadh páirte i nGaeilge24 i mbliana an-taitneamh agus tairbhe as an nGaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig!”

Arsa an tAire Stáit do Gnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh ag seoladh an dúshláin. “Tá mé breá sásta glacadh leis an dúshlán spreagúil seo ó Chonradh na Gaeilge.  Creidim go láidir nach bhfuil bealach níos fearr leis an teanga a fhoghlaim ná í a labhairt.”

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive