188 post nua gan chostas breise d’Éirinn, ní gá smaoineamh faoi dhó faoi – Liadh Ní Riada, Sinn Féin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

188 post nua gan chostas breise d’Éirinn, ní gá smaoineamh faoi dhó faoi – Liadh Ní Riada, Sinn Féin

 

I bhfreagra ar cheist pharlaiminte ó Shinn Féin nochtaigh an tAire Dinny McGinley TD nach raibh cinneadh tógtha go fóill ag an rialtas, an díolúine i leith na Gaeilge san AE a chur ar ceal.

 

“Fuair an Ghaeilge stádas iomlán mar Theanga Oifigiúil agus Oibre siar i 2007 agus tá díolúine i bhfeidhm ó shin, a deir Ní Riada iarrthóir sna toghcháin Eorpacha.

 

“Má chuirfear an díolúine ar ceal, agus níl le déanamh ag an rialtas ach é a iarraidh, beidh thart ar 188 post nua ar fáil do shaoránaigh na hÉireann mar aistritheoirí 7rl. de réir Ní Riada

 

“Tá an-díoma orm nach bhfeiceann an tAire an buntáiste fostaíochta don tír seo agus go bhfuil sé, i mo thuairim, ar tí glacadh le síneadh ama i leith na díolúine, rud a bheadh tubaisteach don Ghaeilge.

 

“Beidh cruinnithe ag Sinn Féin leis na heagrais Ghaeilge agus beimid ag tarraingt anuas na ceiste seo agus na chéad céimeanna eile le tógáil,” a deir Liadh Ní Riada, Sinn Féin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 16:13:02

Admin/login Comments RSS

ILBF