17ú scairt amach do fhoireann dhiúscartha buamaí an airm

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

*Baineann Foireann Dhiúscartha Buamaí an Airm an Dochar as Gránáid Stairiúil i mBéal Átha Seanaidh, Co Dhún na nGall*

 

Bhain foireann Dhiúscartha Buamaí an Airm an dochar ar maidin inniu as Gránáid den chineál Mills a rinneadh ag tús an 20ú hAois agus a tháinig i dtír tar éis stoirmeacha a bhí ann le gairid i mBéal Átha Seanaidh, Co Dhún na nGall. Cuireadh an Fhoireann amach go dtí The Mall Quay ar iarratas ó na Gardaí áitiúla. Shroich an Fhoireann an láthair teagmhais ag 9.55am áit a ndearna siad scrúdú ar an ngránáid, d’aistrigh siad go dtí áit shábháilte í agus ina dhiaidh sin bhaineadar an dochar aisti le pléascadh rialaithe. Fógraíodh an áit slán sábháilte ag 10.20am agus d’fhill an fhoireann ar an mbunáit. Coinníonn Óglaigh na hÉireann Foirne Diúscartha Buamaí an Airm ar a n-airdeall ar fud an Stáit ar bhunús 24/7 chun iarratais ar chúnamh a fhreagairt ar fhógra láithreach gluaiseachta. Seo é an 17ú glaoch-amach go dtí seo in 2014.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 20:57:39

Admin/login Comments RSS

ILBF