11 páiste, 4 bean is 5 fear ó chlann al-Najja básaithe in aer ruathar Iosraelach dhá bhomaite roimh shos cogaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bomaití sular thosaigh an sos cogaidh 12 uair a chloig ar maidin mharaigh aerfhórsa Iosrael corradh is fiche ball de chlann al-Najja. Bhí siad ag cur fúthu i dteach i gcampa teifeach i ndiaidh dóibh teitheadh níos luaithe sa lá óna dteach féin in Khan Yunis cionn is Iosraelaigh a bheith ag ionsaí an cheantair. Ar 7.58, dá bhomaite roimh an sos cogaidh mharaigh aerfhorsa Iosrael, Salim Abu Toum, 87 bliain d’aois.
Agus lucht otharchairr in ann cuardach a dhéanamh anois sa smionagar tá siad i ndiaidh na scortha corp a aimsiú. Tá 906 Palaistíneach marbh go dtí seo agus 5,700 gortaithe.  Maraíodh 40 Iosraelach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:53:44

Admin/login Comments RSS

ILBF