SI ruaigthe amach as dá bhaile san Iaráic

idirnáisiúnta, Nuacht24

Tá an troid i gcoinne an Stáit Ioslámaigh san Iaráic ag bailiú nirt leis an scéala go bhfuil dá bhaile bainte ar ais ó throdairí an SI. I gcathair Sa’adiya, i gcúige Diyala in oirthear na tíre agus i mbaile Jawlala , atá i gceantar Coirdíneach, maíonn foinsí rialtais gur maraíodh 97 trodaire de chuid an Stáit Ioslámaigh i ndianchogaíocht mar aon le 28 trodaire Coirdíneacha is saighdiúirí rialtais. Dar leo go bhfuil dlús anois faoi fhórsaí an rialtais sa dá cheantar agus go bhfuil siad ag brú ar aghaidh féacháil le bailte eile maguaird a thógáil ar ais ón SI. Tá an SI in Kobani na Siria buailte go dona ag aer ruthair Mheiriceá agus tá siad faoi bhrú lena chois ó dheas de Bagdad, agus ó thuaidh den chathair, áit a bhí siad ag dul chun tosaigh go maith le roinnt seachtainí anuas. Tá aer ruathair an Iarthair mar aon le cur i gcrích straitéise míleata a dhréachtaigh ceannaire ar Ghardaí Réabhlóide na hIaráine ag déanamh deacair é ag an Stát Ioslámach dul chun tosaigh sa dá limistéir sin. Agus tá tionchar nach beag ag comhairleoirí míleata Mheiriceá i gcomhoirdniú is traenáil arm na hIaráice. Ach i rith an ama tá an Stát Ioslamach ag cur lena smacht ar Mhosúl agus ar cheantracha san Iaráic is san Siria atá faoina smacht agus ag bagairt i gcónaí dul ar an ionsaí i mbailte fud Chúige Anbar, bunáit do trodairí Sunni san Iaráic.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 09:42:04

Admin/login Comments RSS

ILBF