Pleascán in Ard-Eaglais sa Spáinn

idirnáisiúnta, Nuacht24

Tá tuairiscí ann gur phléasc feiste phléascach taobh istigh d’Ard-Eaglais i Zaragoza in Aragon na Spáinne. Bhí daoine taobh istigh den Basílica de Nuestra Señora del Pilar nuair a tharla an eachtra ach níor gortaíodh aon duine.

Deir urlabhraí ar son an rialtais gur tharla an pléascán thart ar 1:50in san am aitiúil agus gur aistríodh na daoine amach ar an eagla go mbeadh feistí eile ann. Deir sé nár gortaíodh aon duine agus nár ghlac aon grúpa freagracht as an eachtra fós. Tuairiscítear go bhfuil líon mór péas taobh amuigh den ard-eaglais faoi láthair.

Tá féile le tosú sa chathair Fiestas del Pilar ar an tseachtain seo chugainn agus é bunaithe thart ar an Ard-Eaglais.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:08:47

Admin/login Comments RSS

ILBF