Guthanna Raidió Fáilte

donate to raidio failte

Bígí Páirteach Ann!

An bhfuil smaoineamh agat fá choinne cláir raidió nó sraith de chláir raidió?  Tapaigh an deis an fómhar seo chun d’fhís a chur ina bheatha!

Is é atá in Guthanna Raidió Fáilte ná feachtas chun cur leis an éagsúlacht guthanna agus ábhar atá le fáil ar stáisiún raidió phobal na Gaeilge Raidió Fáilte 107.1FM!  Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt daoibhse iarchraoltóirí agus iarthraenálaithe Raidió Fáilte chun sraith raidió do bhur gcuid féin a léiriú sna catagóirí seo a leanas:

 

Catagóir A

Clár Cainte (6+ clár)

ie. cláracha spóirt, faisin, sláinte agus stíl bheatha, cúrsaí reatha, ealaíne, comhrá srl.

 

Catagóir B

Clár Ceoil (6+ clár)

ie. bannaí ceoil áitiúla, popcheol, rac-cheol, ceol comhaimseartha i nGaeilge, ceol traidisiúnta, ceol domhanda, ceol sean-nóis, na gormacha srl.

 

Catagóir C

Clár Faisnéise (1+ clár) nó Dráma Raidió

faoi do rogha ábhair féin

Cuirfear gach trealamh, traenáil agus comhairle ar fáil chun na sraitheanna a thaifead agus craolfar iad ar Raidió Fáilte. Reáchtálfar dianchúrsaí lae mar chuid den fheachtas Guthanna Raidió Fáilte de réir mar is gá.

Ioslódáil cóip an fhoirm iarratais ANSEO

Seol an fhoirm chuig donall@raidiofailte.com

Tuilleadh eolais le fáil ó donall@raidiofailte.com nó 028 90 310013

Become a BroadcasterJoin the Mailing listDownload the info PackEist Beo | Listen to Irish Raidio StationEmployment & opportunities
Nov / 22 / 17

Scoileanna Iúr Chinn Trá ag Surfáil na nAerthonnta

Trí chomhfhiontar idir Aonad na Gaeilge i gComhairle Ceantair an Iúir Mhúrn agus an Dúin, an staisiúin raidió pobail Raidió Fáilte 107.1fm agus Scoil an Chroí Ró-Naofa, Iúr Cinn Trá, fuair daltaí scoile ó Scoil an Chroí Ró-Naofa agus Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá deis a gcuid scileanna a fhorbairt i léiriú raidió […]

Oct / 24 / 17

Turas Treoraithe ar Ionad Togála Raidió Fáilte

Mar chuid den Architecture and Engineering Festival, Open House Festival beidh turas treoraithe ar ionad tógála Raidió Fáilte, Sráid Duibhis (in aice leis an Westlink) an Aoine seo, an 27ú Deireadh Fómhair ag 2.30pm.  ARDMackel agus McGurk na hailtirí.  Fáilte roimh cách.   As part of the Open House Belfast there will be a guide tour […]

no images were found


Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive