Raidió Fáilte le fáilte a chur roimh ionadaithe ó stáisiúin raidió Eorpacha

Gineraltá

Raidió Fáilte le fáilte a chur roimh ionadaithe ó stáisiúin raidió Eorpacha

Beidh Raidió Fáilte, stáisiún raidió Gaeilge Bhéal feirste ag cur fáilte roimh chuairteoirí ó ghrúpa de stáisiúin raidió pobail Eorpacha. Is i dteangacha mionlaigh nó i dteangacha neamhfhorleathana a mbíonn na stáisiúin seo ag craoladh. Tá an chuairt mar chuid de thionscadal Eorpach le haghaidh malartú dea-chleachtais agus eolais i measc stáisiún raidió pobail agus tá sé maonaithe faoin chlár Eorpach Grundtvig. Páirteach sa tionscadal seo, tá grúpa de stáisiúin raidió ó thíortha éagsúla san Eoraip: an Ostair, Tír na mBascach, an Fhrainc, an Spáinn agus Éire thuaidh agus theas. Beidh ionadaithe ó na stáisiúin seo ag teacht ar cuairt go Béal Feirste ar feadh tréimhse trí lá ag deireadh mí Eanáir.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:59:09

Admin/login Comments RSS

ILBF