Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte Feabhra 2013

Gineraltá, nuacht

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Ar mhaith leat bheith i do chraoltóir ar Raidió Fáilte?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí   le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Ná cailligí an deis!

Gabh i dteagmhéal le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 07 Feabhra 2013.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 16:55:45

Admin/login Comments RSS

ILBF