Dianchúrsa Meán Fómhair 2014 – Spásanna ar fáil anois

Gineraltá

Nod libh! Tá an cúrsa seo lán agus tá sé ar siúl i láthair na huaire. Beidh an chéad chúrsa eile ar siúl i mí Feabhra 2015. Gabh i dteagmháil le donall@raidiofailte.com le áit a chur in áirithe.

Meán Fómhair 2014

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Ar mhaith leat bheith i do craoltóir ar Raidió Fáilte?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Dianchúrsa traenála i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist! Foghlaimeoidh tú:

  • Scileanna láithreoireachta
  • Scileanna léiriúcháin
  • Scileanna eagarthóireachta
  • Scileanna agallaimh
  • Scileanna taighde agus iriseoireachta

Beidh an cúrsa ag tosú 13 Meán Fómhair 2014. Moltar duit áit a chur in áirithe go luath óir bíonn an-rachairt ar an chúrsa! Ná cailligí an deis!

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 10 Meán Fómhair 2014.

 

 

 

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:09:39

Admin/login Comments RSS

ILBF