Cartlann Raidió Fáilte

Gineraltá, nuacht

Ní fios cá mhéad míle taiféad atá déanta ag craoltóirí Raidió Fáilte ó rinneadh staisiún pobail dó i 2006. Tá luach sna taiféid sin nach bhfuil ceannach ar, agus ar an drochuair nach bhfuil teacht furast ag an phobal air. Ina dhiaidh seo agus uile tá deá-scéal le fógairt againn faoi na taiféid, agus a bhuíochas sin do Chiste Craoltóireachta na Gaeilge. Tá an Ciste ag maoiniú cartlannaí don staisiún ar feadh tréimhse 6 mhí le tús a chur leis an obair mhór atá le déanamh. Chuige sin, tá Daireán Ó Dochartaigh fostaithe againn le tús a chur leis an obair. Ba mhaith le Raidió Fáilte go mbeadh gach clár, agallamh agus mír de chineál ar bith curtha ar fáil I gcartlann ionchuartaithe so-úsáidte. Beidh an t-ábhar a chuifear ar fáil úsáideach do dhaoine ar suim leo teagasc nó taighde na teanga.  Tá Eoghan Ó Néill i ndiaidh traidhfil de bhlianta a chaitheamh ag cur agallaimh ar Ghaeilgeoirí ó neamh go lár, agus ba deas an rud teacht a bheith ann ar ar dhúirt siad. Tá daoine nach maireann ar taiféd ag Raidió Fáilte a raibh dluthbhaint acu le cur chun cinn na Gaeilge i gcongar agus i gcéin, agus is deá-scéal eile den obair seo go gcluinfí a nglór athuair. Is de réir a chéíle a dhéanfar an obair seo agus tá muid thar a bheith sásta go bhfuil ceann na sluasaide sa talamh againn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:39:14

Admin/login Comments RSS

ILBF