Comhchraoladh Seachtrach – Lá Mór na Gaeilge – Raidió Fáilte agus Raidió na Life

Gineraltá

Raidió na Life

This is an image of the Raidió Fáilte lógo

 

 

 

 

Raidió na Life agus Raidió Fáilte ag craoladh beo ag LÁ MÓR NA GAEILGE

Ar an Satharn 15ú Feabhra beidh Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste ag déanamh comhchraoladh beo den chéad uair riamh.

Beidh an craoladh seachtrach stairiúil seo ag teacht ó Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath idir 15.00 – 16.00  fad is atá LÁ MÓR NA GAEILGE – Siúl ar son do Chearta ar siúl. Tá an mórshiúl seo á eagrú ag Conradh na Gaeilge chun seirbhísí Stáit a lorg as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla, go háirithe sa Ghaeltacht.

Beidh Lisa Nic An Bhreithimh agus Ciarán Ó Fainín ag cur an clár i láthair agus beidh réimse leathan d’aíonna ar an gclár ó áiteanna ar fud na tíre . Bí ag éisteacht ar an Satharn beag seo ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath agus 107.1FM i mBéal Feirste nó ar fud an domhain ar www.raidionalife.ie  agus www.raidiofailte.com

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le   Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life ag cian@raidionalife.ie nó ar 01-661 6333

Tuilleadh eolais faoi Lá Mór na Gaeilge ar fáil anseo –  https://www.facebook.com/events/531981476900881/

Raidió na Life and Raidió Fáilte broadcasting live from LÁ MÓR NA GAEILGE

On Saturday February 15th Raidió na Life in Dublin and Raidió Fáilte in Belfast will be co-broadcasting live for the first time ever.

This historic Outside Broadcast will be coming from Buswells Hotel in Dublin between 3.00pm – 4.00pm  while LÁ MÓR NA GAEILGE – Walk for your Rights is taking place. Conradh na Gaeilge are organising this event on behalf of the Irish language and Gaeltacht community north and south who want equality for the language and want State services to be available in Irish at the same standard and level as they are provided in English, especially in the Gaeltacht.

Lisa Nic An Bhreithimh and Ciarán Ó Fainín will be presenting the show and there will be a wide range of guests on the show from all parts of the country. Listen this Saturday on 106.4FM in Dublin and 107.1FM in Belfast or all over the world at www.raidionalife.ie  and www.raidiofailte.com

For more information contact Cian Mac Cárthaigh, Programme Co-Ordinator with Raidió na Life at cian@raidionalife.ie or on 01-661 6333

More information about Lá Mór na Gaeilge available here – https://www.facebook.com/events/531981476900881/

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:34:09

Admin/login Comments RSS

ILBF