Scaoileadh, pléascáin ag léigear Porte de Vincennes

Táthar ag tuairisciú gur chualathas roinnt pléascáin agus scaoileadh i bPorte de Vincennes, áit a bhfuil léigear ag dul ar aghaidh. Níl aon dearbhú fós air seo.

Léigear Dammartin-en-Goële – scaoileadh ag dul ar aghaidh

Tuairiscíodh i dtrátha 16.00 – am na héireann – gur chualathas scaoileadh in Dammartin-en-Goële, áit a bhfuil an bheirt dheartháir Kouachi faoi léigear ó bhí luathmhaidin ann. Tuigtear go bhfuil an Gendarmerie Nationale GIGN i mbun ionsaí ar an fhoirgneamh ina bhfuil na deartháracha Kouachi agus giall amháin ar a laghad. Chualathas rois urchair agus […]

Fear gan dídeán faighte marbh i mBÁC ar maidin inniu

Deir na Gardaí nach bhfuil siad ag fiosrú aon choir maidir le bás fir gan dídeán a fuarthas a chorp ar maidin i lána le taobh Sráid an Dáma i mBaile Átha Cliath. Tuigtear gur fear as an Pholainn a bhí i gceist agus go raibh sé sna 50í. Meastar go raibh sé ina chónaí […]

Suas le seisear ina ngiall in eachtra lámhaigh Porte de Vincennes – tuairscithe éagsúla

Agus tuairiscithe ag teacht salach ar a chéile faoinar tharla ag Porte de Vincennes tá an áisínteacht nuachta Reuters ag tuairisciú gur gortaíodh duine amháin go dona agus gur tógadh suas le seisear ina ngialla ag fear ag siopa caisear. Níos luaithe inniu, tuairiscíodh ar shuíomh Le Monde, go raibh beirt marbh ar a laghad […]

Péas na Fraince ag lorg ceathrar ‘contúirteach’ – grianghrafanna, eolas éisithe acu faoi ceathrar amhrastach

Dar le péas na Fraince go bhfuil siad ag iarraidh teacht go práinneach ar cheathrar duine nó ar eolas faoi dtaobh dóibh. D’éisigh siad grianghrafanna an ceathrair agus achainí ar an phobal cuidiú leo eolas a fháil fúthu. Is iad an bheirt dheartháir  Kouachi, bean, Hayat Boumeddiene, agus fear, Amedy Coulibaly.

Scaoileadh, 5 giall tógtha ag gunnadóir in oirthear Pháras, tuairisc

Tá tuairisc ann go bhfuil fear i ndiaidh giall a thógáil ag siopa caisear (Kosher) in aice leis an Porte de Vincennes i bPáras. Tá luaththuairiscithe faoin imeacht agus tuairimíocht ann go bhfuil an fear atá ar a sheachaint ó maraíodh banphéas i bPáras maidin inné, páirteach san eachtra seo dar le foinsí sna péas. […]

Ceangal idir beirt dheartháir Kouachi agus an fear a mharaigh banphéas inné – tuairisc

Dar leis nuachtán Francach le Monde go bhfuil foinsí cóngarach do phéas na Fraince ag maíomh go bhfuil gaol idir marú banphéas i ndeisceart Pháras inné agus sléacht na Céadaoine ag oifigí Charlie Hebdo. De réir na bhfoinsí go bhfuil an fear a mharaigh an banphéas i Montrouge, dar leo, iontach mór leis an bheirt […]

Péas na Fraince sa tóir ar charr, gunnadóirí ar maidin – giall tógtha acu

Dar le Le Monde gur aithníodh na dearthracha Kouachi le linn imeachtaí na maidine in Seine-et-Marne LeMonde.fr: @Visiteur : les frères Kouachi ont été formellement identifiés ce matin lors du vol de voiture, non loin de Dammartin-en-Goële. Selon toute probabilité, il s’agit des preneurs d’otages.   Tá tuairisc ann go bhfuil gunnadóirí, a theith níos […]

Corradh is 100 marbh i ndiaidh ruathair Boko Haram ar 16 baile sa Nigéir

Meastar gur maraíodh níos mó ná 100 duine agus theith 20,ooo duine  nuair a ghabh trodairí Boko Haram seilbh ar bhaile Baga i dtuaisceart na Nigéire. Scrios siad cuid mhór den bhaile agus rinne sléacht san bhaile sin agus in 16 áitreamh eile sna ceantracha maguaird.

Charlie Hebdo chun foilsiú Dé Céadaoine seo chugainn – le rith milliún cóip seachas an gnáth 60,000

Ní bheidh ann ach 8 leathanach seachas an 16 leathanach a bhíodh acu de ghnáth ach cuirfear an iris Charlie Hebdo i gcló Dé Céadaoine seo chugainn. Tá seirbhísí nuachta fud na Fraince, Canal+, Libération agus Le Monde i measc dreamanna eile chun a gcuid áiseanna is cabhrach a chur ar fáil chun go bhfoilseofaí […]

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive