Polaiteoirí ar gach taobh ó thuaidh: Beart de réir briathra maidir leis an Acht – POBAL

Polaiteoirí ó gach taobh: Beart de réir briathra maidir leis an Acht Agus Enda Kenny is David Cameron i mBéal Feirste dona cainteanna polaitiúla, dúirt POBAL, eagras abhcóideachta na Gaeilge, go mbeidh Acht na Gaeilge arís ina teist litmeas do na hinstitiúidí polaitíochta a cuireadh ar bun i ndiaidh Chomhaontú Chill Rimhinn.  Dúirt Janet Muller, […]

Meánscoil Ghaelach ceadaithe do Dhún Geimhin

Dhearbhaigh an tAire Oideachais ó thuaidh, John O Dowd, tráthnóna go bhfuil sé i ndiaidh plean a cheadú do Choláiste Dhoire, meánscoil Ghaelach a thógfar in Abhainn Bheag in aice le Dún Geimhin. Tá dreim leis an scoil a bheith ag oscailt o 1 Meán Fómhair 2015.

Dreim le scaifte mór ag léirsiú Stormont ar son na Gaeilge

Tá dreim le scaifte maith a bheith i láthair inniu ag slógadh frith-chiníochach ag Stormont inniu. Tá an imeacht á reáchtáil ag Gaeilgeoirí agus tagann sé mar aisfhreagra ar ionsaithe a rinne polaiteoirí, tráchtairí agus eile ar an Ghaeilge is lucht a labhartha. Dar leo gur ceiliúradh ar an éagsúlacht atá i gceist.  Tá dhá […]

Lá spraoi mar aon le lá agóidíochta geallta ag Teach Laighean inniu

Chuir na Gardaí bacanna tráchta thart ar Shráid Chill Dara agus roinnt áiteanna eile faoi chóngar do Theach Laighean aréir agus iad ag déanamh réidh do mhórléirsiú an lae inniu. Dar leo go bhfuil siad i mbun plé le lucht eagraithe na hócáide chun a chinntiú de go dtéann gach rud gan fadhb. Deir na […]

OÍCHE FHILÍOCHTA ARLEN HOUSE sa Cheathrú Póilí anocht

OÍCHE FHILÍOCHTA ARLEN HOUSE   Ba mhór againn tú a bheith i láthair DÉ MÁIRT 9 NOLLAIG @ 7.00in nuair a bheas triúr d’fhilí móra na Gaeilge ag léamh as na cnuasaigh nua acu atá díreach foilsithe ag Arlen House: Cathal Ó Searcaigh: An Fear Glas / The Green Man Colette Ní Ghallchóir: An tAmharc […]

Acht Gaeilge ina phríoracht ag Sinn Féin – Ní Thoirealaigh

Acht Gaeilge ina phríoracht ag Sinn Féin – Ní Thoirealaigh   Dúirt an CTR Sinn Féineach Róise Ní Thoirealaigh go bhfuil sé ina phríoracht go fóill ag Sinn Féin reachtaíocht a fháil le cearta Gaeilgeoirí a chosaint.   Bhí Róise Ní Thoirealaigh ag caint i ndiaidh d’ionadaithe ó na grúpaí teanga POBAL agus Turas taisteal […]

Comhráiteas ó POBAL / Turas roimh chuairt ar Stormont

Chomh Ráiteas ó POBAL agus ó Turas   Is le gach duine an Ghaeilge agus is le gach duine Acht na Gaeilge   Tá POBAL, scátheagras abhcóideachta phobal na Gaeilge agus Turas, tionscadail na bhfoghlaimeoirí Oirthear Bhéal Feirste, ag bronnadh chomhlitir ar na páirtithe ar fad sa Tionól inniu, le cothrom na Féinne agus chomhmheas […]

Fáilte roimh aitheantas Unesco do Ghaillimh

D’fhógair Ard-Stiúrthóir UNESCO, Irina Bokova Uasal, i bPáras inniu go bhfuil Gaillimh ainmnithe anois mar Chathair Scannán UNESCO. Faoin Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO, tá Gaillimh anois ar cheann de chúig chathair ó ar fud an domhain a bhfuil an stádas seo bainte amach aici, stádas a bhfuil ardéileamh air. Tá an stádas céanna mar Chathair […]

Ceist na ndaoine gan dídeán ina ‘bheocheist’ – cruinniú mullaigh á beartú

Dúirt an tAire Timpeallachta Alan Kelly inniu go mbeidh sé ag bualadh Déardaoin le hionadaithe na gcomhairlí i mórchathaair Bhaile Átha Cliath, mar aon le hionadaithe ó ghrúpaí deonacha agus cléir áirithe féacháil le teacht ar bhealach chun plé ar shlí níos fearr le fadhb easpa dídine. Bhí sé ag caint i ndiaidh don Ardeaspag […]

An stát chun cás na ‘Fir faoi Chochall’ a thabhairt faoi aird Chúirt na hEorpa

Dhearbhaigh dlíodóirí leis an stát tráthnóna san Ard Chúirt go bhfuil siad chun cás na bhfear sin a mhaígh gur céasadh iad in ionaid míleata de chuid arm na Breataine sa tuaisceart in 1971 a thabhairt faoi bhráid Chúirt na hEorpa. Tá doiciméid tugtha chun tosaigh ó shin ag an Lárionad Pat Finucane a tharraingíonn […]

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive