‘Ná húsáid an síneadh fada’ – Roinn Oideachais

Tá an Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath ag moladh dá cuid fostaithe gan an síneadh fada a úsáid agus iad ag clárú a n-ainmneacha i gcóras airgeadais na Roinne. Dar le ceannasaí airgid na Roinne go ndiúltóidh bancanna d’aon ainm a bhfuil fada ann agus go mbeidh moill ar íocaíochtaí dá bharr. Is féidir […]

Fear gan dídeán faighte marbh i mBÁC ar maidin inniu

Deir na Gardaí nach bhfuil siad ag fiosrú aon choir maidir le bás fir gan dídeán a fuarthas a chorp ar maidin i lána le taobh Sráid an Dáma i mBaile Átha Cliath. Tuigtear gur fear as an Pholainn a bhí i gceist agus go raibh sé sna 50í. Meastar go raibh sé ina chónaí […]

Nollaig shona ó Nuacht24

nollaig-2w2

Go mbíodh an Nollaig faoi shéan agaibh   Oíche Nollag Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha, Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc; Adaigh an tine is téir chun na leapa: Luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht. Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne, An Mhaighdean a thiocfaidh is […]

Fiosrúcháin nua ar mharuithe arm na Breataine i mBéal Feirste in 1972

Thug an Ard Aighne ó thuaidh, John Larkin, le fios inniu go bhfuil sé i ndiaidh a ordú go mbeadh cúig coiste cróinéara nua ann maidir le bás cúigear duine a maraíodh i gceantar Cnoc na Foinse i mBéal Feirste Thiar ar 6 Iúil 1972. Mharaigh arm na Breataine Margaret Gargan, John Dougal, David McCafferty, […]

Reifrinn le bheith ann i mí Bealtaine seo chugainn

Thug an rialtas le fios tráthnóna go mbeidh dá reifreann i mí Bealtaine seo chugainn. An reifreann faoi phósadh chomh-ghnéis agus an reifreann faoi aois iarrthóirí Uachtaráin a ísliú atá i gceist. Meastar go mbeidh an fóthoghchán chun comharba Phil Hogan a thoghadh ar an lá sin chomh maith. Rinne Airí a gcinneadh ag cruinniú […]

An Tionól Dearg – Slógadh frith-chiníoch ag Stormont

stormont 2

Slógadh frith-chiníoch ag Stormont            Tháinig cúpla céad Gaeil, idir óg agus aosta, amach inné, in ainneoin na drochaimsire, le seasamh láidir a ghlacadh in éadan ciníochais agus ar son an chomhionannais agus na héagsúlachta. D’eagraigh Gaeil aonaracha agus eagraíochtaí éagsúla an slógadh seo faoi bhrat An Tionól Dearg, chun aird na bpolaiteoirí agus an […]

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Gmail as Gaeilge

Nuacht Ráiteas: Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Gmail as Gaeilge   11.12.14   Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an seirbhís nua Gmail i nGaeilge a sheol Google ina Cheannáras i mBaile Átha Cliath inniu.     Dúirt Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:   “Lorgaíomar an tseirbhís seo i rith Bliain na […]

Suíomh turasóireachta cultúrtha, TurasG.com, seolta ag Julie Fowlis

10750209_10203776271464744_8108036438034385334_o

Suíomh turasóireachta cultúrtha, TurasG.com, seolta ag Julie Fowlis B’iad an t-amhránaí iomráiteach Julie Fowlis agus Propast Inbhir Nis, an Comhairleoir Alexander Graham, a sheol suíomh idirlín nuálach an tseachtain seo chun cur leis an turasóireacht chultúrtha i mórGhaeltacht na hÉireann agus na hAlban.  Ní seachtain ó shin ó bronnadh aitheantas ar Julie ag Gradaim Cheoil […]

Léirsiú Stormont, ráiteas in aghaidh an chiníochais

Preas ráiteas   Tháinig na céadta Gaeil, idir óg agus aosta, amach inniu, in ainneoin na drochaimsire, le seasamh láidir a ghlacadh in éadan ciníochais agus ar son an chomhionannais agus na héagsúlachta. D’eagraigh Gaeil aonaracha agus eagraíochtaí éagsúla an slógadh seo faoi bhrat An Tionól Dearg chun aird na bpolaiteoirí agus an phobail araon […]

Lingua + Musica: Ceiliúradh ar an Ilghnéitheacht Teanga agus Chultúrtha

Ábhar: Lingua + Musica: Ceiliúradh ar an Ilghnéitheacht Teanga agus Chultúrtha Ag ócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath, Dé Máirt, 16 Nollaig, déanfar ceiliúradh ar an ilghnéitheacht teanga agus chultúrtha san Eoraip. Tá Lingua + Musica á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, i gcomhar […]

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive