Oll – léirsithe i gcoinne agus i bhfách le Ioslamaigh sa Ghearmáin

Bhí tuairim is 25,0000 duine i láthair anocht ag an léirsiú sheachtainiúil i gcoinne an Ioslámachais i nDresden na Gearmáine anocht. ‘D’eagraigh an grúpa frithIoslamach Pegida na léirsithe seo. Ba é seo an slua is mó go dtí seo a bhí páirteach ann agus tháinig siad amach in ainneoin airí de chuid rialtas na Gearmáine […]

An Fhrainc chun 10,000 saighdiúir a chur i mbun slándála sa Fhrainc

Beidh 10,000 saighdiúir de chuid na Fraince i mbun slándála sa tír agus an rialtas ag fógairt ollfheachtas nua slándála i bhfianaise ionsaithe na seachtaine seo caite. Lena chois beidh 5,000 péas á cur ar dhualgas chun cosaint a thabhairt don 717 scoil Ghiúdach sa tír.

Idir milliún is trí mhilliún páirteach i léirsithe na Fraince – 5,000 i mBaile Átha Cliath

Measann cuid de mheáin na Fraince go raibh suas le trí mhilliún páirteach i léirsiú an lae inniu fud na tíre. Bhí os cionn milliún go leith duine páirteach i léirsiú i bPáras. Ollscaifte a bhí ann a léirigh a corraithe is atá pobal na Fraince faoin sléacht a rinneadh ar shráideanna Pháras an tseachtain […]

Ceathrar ghiall marbh i sléacht ag margadh Porte de Vincennes

Maraíodh ceathrar duine tamall maith sula ndearna na péas ruathar ar mhargadh ag Porte de Vincennes thug Uachtarán Hollande na Fraince le fios anocht.  Dar  leis go deachaigh na péas i mbun ionsaithe díreach cionn is an chontúirt do na gialla eile, 15 duine acu ar a laghad.  Maraíodh an gunnadóir, Amedy Coulibaly, san eachtra.

Beirt dheartháir Kouachi agus ionsaitheoir Porte de Vincennes marbh i ndiaidh ionsaí na bpéas

Tá Le Monde ag tuairsciú gur maraíodh an bheirt dheartháir Kouachi, a bhí ar na daoine a bhí na péas in amhras fúthu maidir leis an ionsaí ar oifig Charlie Hebdo, in ionsaí a rinne péas ar fhoirgneamh in Dammartin-en-Goële tráthnóna. Mhair an t-ionsaí ar an fhoirgneamh tamall gairid ach bhí scaoileadh fíochmhar ann feadh […]

Scaoileadh, pléascáin ag léigear Porte de Vincennes

Táthar ag tuairisciú gur chualathas roinnt pléascáin agus scaoileadh i bPorte de Vincennes, áit a bhfuil léigear ag dul ar aghaidh. Níl aon dearbhú fós air seo.

Léigear Dammartin-en-Goële – scaoileadh ag dul ar aghaidh

Tuairiscíodh i dtrátha 16.00 – am na héireann – gur chualathas scaoileadh in Dammartin-en-Goële, áit a bhfuil an bheirt dheartháir Kouachi faoi léigear ó bhí luathmhaidin ann. Tuigtear go bhfuil an Gendarmerie Nationale GIGN i mbun ionsaí ar an fhoirgneamh ina bhfuil na deartháracha Kouachi agus giall amháin ar a laghad. Chualathas rois urchair agus […]

Suas le seisear ina ngiall in eachtra lámhaigh Porte de Vincennes – tuairscithe éagsúla

Agus tuairiscithe ag teacht salach ar a chéile faoinar tharla ag Porte de Vincennes tá an áisínteacht nuachta Reuters ag tuairisciú gur gortaíodh duine amháin go dona agus gur tógadh suas le seisear ina ngialla ag fear ag siopa caisear. Níos luaithe inniu, tuairiscíodh ar shuíomh Le Monde, go raibh beirt marbh ar a laghad […]

Péas na Fraince ag lorg ceathrar ‘contúirteach’ – grianghrafanna, eolas éisithe acu faoi ceathrar amhrastach

Dar le péas na Fraince go bhfuil siad ag iarraidh teacht go práinneach ar cheathrar duine nó ar eolas faoi dtaobh dóibh. D’éisigh siad grianghrafanna an ceathrair agus achainí ar an phobal cuidiú leo eolas a fháil fúthu. Is iad an bheirt dheartháir  Kouachi, bean, Hayat Boumeddiene, agus fear, Amedy Coulibaly.

Scaoileadh, 5 giall tógtha ag gunnadóir in oirthear Pháras, tuairisc

Tá tuairisc ann go bhfuil fear i ndiaidh giall a thógáil ag siopa caisear (Kosher) in aice leis an Porte de Vincennes i bPáras. Tá luaththuairiscithe faoin imeacht agus tuairimíocht ann go bhfuil an fear atá ar a sheachaint ó maraíodh banphéas i bPáras maidin inné, páirteach san eachtra seo dar le foinsí sna péas. […]

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive