Craoltóirí: Gearóid Ó Cairealláin

Gearóid Ó Cairealláin

Béal Feirsteach agus Gael go smior é Gearóid. Tá na blianta caite aige ag obair agus ag troid go dícheallach ar son na teanga. Tá Gearóid ag craoladh le Raidió Feirste ón t-am a thosaigh an stáisiún ag craoladh sa bhliain 2006. Bhí baint nach beag aige, sna 1980í, le bunú an chéid stáisiúin raidió Gaeilge i mBéal Feirste – stáisiún a bhí lonnaithe san Ardscoil, ag bun Bhóthar na bhFál. I 2006, an bhliain chéanna a fuair Raidió Fáilte an ceadúnas, bhí an mí-ádh ar Ghearóid agus bhuail droch-stróc é. In ainneoin sin, uair amháin a bhí Gearóid inán chuige, thosaigh sé ar ais ag craoladh le Raidió Fáílte. Chuile Aoine cuireann sé clár beo i láthair idir 3 agus 4 a cholg. Beo go Deo is ainm don chlár seo agus ceol Elvis Presley le cloisteáil air ó thús go deireadh. Mar is eol dá chuid éisteoirí, i bhfad is i gcéin, tá paisean ar leith ag Gearóid don Ard Rí, Elvis Presley, agus is saineolaí é ar chuile ghné de shaol an cheoltóra seo. Gearóid has spent many years working and fighting for the language. He one of the founders of the first ever Irish language radio station, Raidió Feirste, that existed in the early 1980s. Gearóid has always had a passionate interest in Elvis Presley and his programme 'Beo go Deo' features Presley's songs from beginning to end. If you fancy a listen why not tune in to Gearóid on Fridays between 3 and 4 o'clock. Threre's not much he doesn't know about the High King!

Eolas gineraltá

Email me:gearoidocaireallain@raidiofailte.com

Gearoid O Caireallain: Stories and News Articles

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:07:01

Admin/login Comments RSS

ILBF