Is féidir leat do ghnó nó d’eagraíocht a phoibliú ar Raidió Fáilte ar chostas an-réasúnta.

Is féidir linn:

  • Pacáistí éagsúla a chruthú duit ag brath ar do chuid riachtanas agus ar do bhuiséad chomh maith
  • Script a scríobh agus ceoilín proifisiúnta dátheangach a tháirgeadh duit; agus
  • Fógraí a chur ar an tsuíomh idirlín seo agus naisc a chur ó shuíomh Raidió Fáilte go dtí do shuíomh féin

Le haghaidh breis eolais, cuir glaoch ar Raidió Fáilte anois ar +44 (0) 28 9031 0013 nó seol ríomhphost go dtí oifig@raidiofailte.com. Is é Raidió Fáilte an t-aon stáisiún raidió lánGhaeilge i dTuaisceart Éireann. Bíonn gach cineál cláir ar fáil ar Raidió Fáilte: nuacht, cúrsaí reatha, spórt, litríocht, cláir d’fhoghlaimeoirí, scoth ceoil, cainte agus craice…agus go leor, leor eile.

Éisteoirí Raidió Fáilte

Éisteann an gnáthdhuine le níos mó ná 20 uair an chloig raidió, gach seachtain. Tá lucht éisteachta dílis againn. Tugann ár n-éisteoirí tacaíocht dár dtacaithe. Tá níos mó ná 1,500,000 Gaeilgeoir in Éirinn. Tá 50,000 Gaeilgeoir i mórcheantar Bhéal Feirste. Tá Gaeilgeoirí ar fud an domhain. Tá daoine ag éisteacht le Raidió Fáilte ar fud an domhain: san Eoraip, san Astráil, sa tSín, sa tSeapáin, sa Rúis, i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Theas chomh maith le hÉirinn agus an Bhreatain.

Cuidigh leis an phobal

Is stáisiún pobail Gaeilge é Raidió Fáilte. Soláthraíonn muid traenáil don phobal i scileanna craoltóireachta agus i ndeisiú fuaime. Is carthanacht é Raidió Fáilte. Téann gach aon bhrabús ar ais chuig an stáisiún. Raidió Fáilte – guth an phobail.

Le haghaidh breis eolais, cuir glaoch ar Raidió Fáilte inniu ar +44 (0) 28 9031 0013 nó seol ríomhphost chuig oifig@raidiofailte.com.

 

Chun fiosrú a dhéanamh faoi fhógraíocht, líon isteach agus seol isteach an fhoirm thíos agus gheobhaidh ball dár bhfoireann ar ais chugat.

Fógair Le Linn
Consent *