Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Na scéalta is déanaí
Cúrsaí Traenaile
Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa deireadh seachtaine i scileanna raidió agus craoltóireachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ar siúl i Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Déanfaidh siad taifead ar chlár amháin thar an dá lá agus cuirfear gach tacaíocht agus áis is gá ar fáil dóibh. Beidh an cúrsa ar siúl ar an Satharn 23 Márta agus Domhnach 24 Márta 10:00-16:00...
9pm Sáerlaith – Podchraoladh Nua ar Raidió Fáilte
Beidh Sáerlaith Ní Ghallachóir as Tír Chonaill ar Raidió Fáilte anocht 9pm 8 Márta le podchraoladh úr te bruite mar cheilúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ..
Sceideal Speisialta – Lá Idirnáisiúnta na mBan
Mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan beidh an Sceideal Speisialta seo in úsáid ag Raidió Fáilte. Beidh cláracha ar dóigh le cluinstin ó chuid de chraoltóirí mná Raidió Fáilte agus ó roinnt dár gcraoltóirí nua atá i ndiaidh an Cúrsa Traenála i Scileanna Raidió do Mhná a chríochnú le Caoimhe Ní Chathail “Cúrsa le Caoimhe” – Bígí ag éisteacht linn fríd an Lae..
1pm – Éist le Ursula Ní Shabhaois – Glór na mBan – 8 Márta
Cuireann Ursula Ní Shabhaois as contae Ard Mhacha ó dhúchas - Glór na mBan i bhur láthair - clár speisialta a rinneadh mar chuid de Cúrsa le Caoimhe 2024 le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan..
An nuacht is déanaí
6pm Seó Sheosaimhín – le Seosaimhín Nic Eachaidh
Beidh Seosaimhín Nic Eachaidh i mbun clár as Gleann an Chlochair i gcontae Thír Eoghain agus beirt bhan as an cheantar sin i mbun comhrá le chéile – Beidh Seosaimhín ag labhairt leis an cheoltóir Sinéad Nic Cionnaith a bhfuil bua faoi leith aici ar an fhidil agus a bheidh ag seoladh albam ar an 9 Márta. Beidh ceol ann le Sinéad fosta agus chomh maith le dán ó Sheosaimhín. Ghlac Seosaimhín páirt i gCúrsa le Caoimhe – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann...
7pm “Spill the Tae” le Brógan Ní Bhrádaigh
Beidh Brógan Ní Bhrádaigh i mbun clár le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte. Ghlac Brógan páirt i gcúrsa ceannródaíoch le Caoimhe Ní Chathail – Cúrsa le Caoimhe a chuireann guth na mban chun tosaigh ar aerthonnta na hÉireann – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. ..
5pm Katelyn Hayes – Hup na Mná
5pm Hup na Mná – Cuirfidh Katelyn Hayes as Contae Luimnigh clár úr le haghaidh sceideal speisialta Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte 107.1Fm agus mar chuid de Cúrsa le Caoimhe – Cúrsa Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta do mhná – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. ..
Cuireann Diane Ní Fhlatharta as Inis Mór, Oileáin Árainn, Cnocán na mBan i bhur láthair, clár speisialta a rinneadh le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte agus mar chuid den chúrsa traenála i scileanna raidió agus craoltóireachta Cúrsa le Caoimhe agus é dírithe ar ghuth na mban a ardú ar na haerthonnta...
Na Podchraoltaí is déanaí
Bantracht
Éist siar le Bantracht agus cluinfidh tú agallaimh eagsúla le Mary Pat O'Malley, Sadhbh Rosenstock, Conall Ó Máirtín agus Sinéad Ní Mhearnóg agus tuilleadh le teacht i rith na sraithe...
Cuimhní na Cartlainne
Éist leis an tsraith phodchraoltaí "Cuimhní na Cartlainne" i gcomhar le Foras na Gaeilge agus An Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann...
Foghlaim
Foghlaim an Ghaeilge trí Bhéarla, Polainnis, Fraincis nó Spáinnis nó foghlaim teangacha eile tríd an Ghaeilge le ceachtanna bunaithe ar an leabhar Buntús Cainte...
Scéim Traenála Raidió Fáilte-CCG
Rogha clár a léiríodh le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann...
Agallaimh
Éist leis na hagallaimh is déanaí ó Raidió Fáilte...
Fáilte go Raidió Fáilte, stáisiún Raidió Pobail Gaeilge Bhéal Feirste.
Ár gCraoltóiríRáiteas Físe & Misin
An fhís atá againn sochaí a bheith ann ina mbláthaíonn an Ghaeilge agus cultúr na nGael agus iad curtha chun cinn ar mhaithe le saibhriú cáich.
An misean atá againn an Ghaeilge a chur chun cinn trí sheirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge atá uileghabhálach ionchuimsitheach a sholáthar.